Bible App logo
Search Icon

Chum na nEabhraidheach 3

3
1Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost; 2do ḃí dílis do’n té d’órduiġ é, mar ḃí Maois ’n‐a ṫiġ‐sean uile. 3Óir do measaḋ gurḃ ḟiú eisean onóir san mbreis ar Ṁaois, san méid gur mó an onóir atá ag dul do’n té do ṫóg an teaċ ’ná do’n tiġ féin. 4Óir do ṫóg duine éigin gaċ teaċ; aċt is é Dia do ṫóg gaċ a ḃfuil ann. 5Agus go dearḃṫa, do ḃí Maois dílis mar ṡeirḃíseaċ ’n‐a ṫiġ‐sean uile, ċum fiaḋnaise do ṫaḃairt ar na neiṫiḃ do ḃí le h’innsin ’n‐a ḋiaiḋ sin; 6aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ. 7Uime sin, mar deir an Spiorad Naoṁ,
Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ,
8Ná cruaḋuiġiḋ ḃúr gcroiḋeaċa, aṁail le linn na ceannairce,
Aṁail i lá an ċaṫuiġṫe san ḃfásaċ,
9San áit ’n‐a ndearna ḃur sinnsir fróṁaḋ orm,
Agus ’n‐a ḃfacadar m’oibreaċa ar feaḋ ḋá ḟiċid bliaḋan.
10D’á ḃriġ sin do ḃíos i ḃfeirg leis an ngeinealaċ úd;
Agus aduḃart, Bíonn siad i gcóṁnaiḋe ag dul amuḋa ’n‐a gcroiḋe:
Agus do ḃíodar gan eolas ar mo ṡliġṫiḃ;
11Mar mionnuiġeas im’ ḟeirg,
Ní raċaiḋ siad isteaċ im’ ṡuaiṁneas.
12Taḃraiḋ aire, a ḃráiṫre, ar eagla go mbéaḋ droċ‐ċroiḋe dí‐ċreidṁeaċ am ar biṫ i n‐aon duine agaiḃ, go dtréigfeaḋ siḃ an Dia beo: 13aċt biḋiḋ ag brostú a ċéile lá i ndiaiḋ lae, a ḟaid agus glaoḋtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruaḋóċaiḋe aon duine 14agaiḃ le meaḃlaireaċt an ṗeacaiḋ óir do rinneaḋ sinn rannṗáirteaċ le Críost, aċt go gcongḃuiġmíd ár gcéad ṁuiniġin go deireaḋ; 15a ḟaid agus deirtear,
Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ,
Ná ċruaḋuiġiḋ ḃur gcroiḋeaċa, aṁail le linn na ceannairce.
16Óir ciarḃ iad do ċuala agus do rinne ceannairc? Nárḃ iad‐san go léir ṫáinig as an Éigipt i n‐éinḟeaċt le Maois iad? 17Agus cia leo go raiḃ Dia i ḃfeirg ar feaḋ ḋá ḟiċid bliaḋan? Nárḃ iad‐san do rinne peacaḋ iad, gur ṫuit a gcuirp san ḃfásaċ? 18Agus ciarḃ iad gur ḋearḃuiġ sé ḋóiḃ naċ racaidís isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, aċt iad‐san aṁáin do ḃí easuṁal? 19Ċímíd, d’á ḃriġ sin, nár ḟéadadar dul isteaċ ann mar ġeall ar easbaiḋ creidiṁ.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in