Chum na nGalátach 3
3
1A Ġalátaċa gan ċéill, cia h‐é do ċuir fá ḋraoiḋeaċt siḃ, gur noċtaḋ Íosa Críost, agus é céasta, go soiléir os cóṁair ḃur súl? 2Is é rud ba ṁian liom a ċlos uaiḃ, An ó oibreaċaiḃ dliġe nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ fuair siḃ an Spiorad? 3An ḃfuil siḃ ċóṁ diṫ‐céilliḋe sin? tar a éis daoiḃ tosnú san Spiorad, an aṁlaiḋ gur ab í an ḟeoil atá mar ċríoċnú agaiḃ? 4Ar ḟulaing siḃ an oiread sin gan éifeaċt? má’s fíor gur gan éifeaċt é. 5Uime sin an té do‐ḃeir an Spiorad daoiḃ, agus do‐ġní míorḃailtí ’n‐ḃur measc, an tré oibreaċaiḃ an dliġe, nó tré ṫeaċtaireaċt an ċreidiṁ do‐ġní? 6Fá mar ċreid Abraċam Dia agus gur h‐áirṁeaḋ é mar ḟíréantaċt dó. 7Bíoḋ a ḟios agaiḃ d’á ḃriġ sin, na daoine atá i muiniġin an ċreidiṁ, gur ab iad clann Abraċaim iad. 8Agus an scrioptúir, g‐á ḟeicsin roiṁ ré go ḃfíréanóċaḋ Dia na Cineaḋaiġ tré ċreideaṁ, d’ḟóġair sé an soiscéal roiṁ ré d’Abraċam, g‐á ráḋ, Beannóċar ionnat‐sa na náisiúin uile. 9Uime sin na daoine ċreideas atá siad beannuiġṫe i n‐éinḟeaċt le h‐Abraċam creidṁeaċ. 10Óir an méid ċlaoiḋeas le h‐oibreaċaiḃ an dliġe atáid fá ṁallaċt: mar atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine naċ leanann do’n uile niḋ aṫá scríoḃṫa i leaḃar an dliġe, agus naċ gcuireann i ngníoṁ é. 11Agus is léir naċ ḃfíréanuiġṫear aon duine tríd an dliġe i ḃfiaḋnaise Dé: óir, Is tré ċreideaṁ ṁairfeas an fíréan: 12agus ní ḟuil an dliġe i muiniġin an ċreidiṁ; aċt an té ċleaċtas na neiṫe sin mairfiḋ sé d’á mbárr. 13D’ḟuascail Críost ó ṁallaċt an dliġe sinn, ag déanaṁ mallaċta ḋe féin ar ár son: óir atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine croċtar ar ċrann: 14ċum go dtiocfaḋ beannú Abraċaim i nÍosa Críost ar na Cineaḋaċaiḃ; ċum go ḃfaiġmís tré ċreideaṁ an Spiorad do ḃí geallta.
15A ḃráiṫre, is ar ṁoḋ daoine atáim ag laḃairt: Giḋ naċ ḃfuil ann aċt tiomna daonna, nuair dearḃuiġtear é, ní ḟéadann aoinneaċ a ċur ar gcúl, nó cur leis. 16Anois is d’Abraċam agus d’á ṡlioċt tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abrann sé, Agus do ṡlioċtaiḃ, mar ḃéaḋ mórán ann; aċt gan aċt slioċt aṁáin ḃeiṫ ann. Agus dod’ ṡlioċt, is é sin Críost. 17Adeirim anois, Tiomna do ḃí dearḃuiġṫe roiṁ ré ag Dia, an dliġe ṫáinig ceiṫre céad agus deiċ mbliaḋna fiċead ’n‐a ḋiaiḋ sin, naċ gcuireann sé ar gcúl é, ċum an ġeallaṁain do ċur ar neaṁ‐niḋ. 18Óir má’s ó’n dliġe ṫáinig an oiḋreaċt, ní mar ġeall ar ġeallaṁain ṫáinig sé: aċt ṫug Dia d’Abraċam é tré ġeallaṁain. 19Cad ċuige an dliġe mar sin? Do tugaḋ isteaċ é ní ba ḋeireannaiġe mar ġeall ar ċionntaiḃ, nó go dtigeaḋ an slioċt go dtugaḋ an ġeallaṁaim dó; agus do h‐órduiġeaḋ é tré aingealaiḃ le láiṁ eadarġuiḋṫeora. 20Anois ní ḃíonn eadarġuiḋṫeoir ann muna ḃfuil aċt duine n‐a aonraic ann aċt is n‐a aonar atá Dia. 21An ḃfuil an dliġe i n‐aġaiḋ geallaṁnaċa Dé mar sin? nar leigiḋ Dia é: óir dá dtugtaiġe dliġe d’ḟéadfaḋ beaṫa do ṫaḃairt, is léir gur tríd an dliġe do ṫiocfaḋ fíréantaċt. 22Aċt do réir na Scrioptúra, atá cáċ i ngéiḃeann ag an bpeacaḋ, ċum go dtiuḃrṫaí an ġeallaṁain tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas.
23Aċt sul a dtáinig an creideaṁ, do ċongḃuiġeaḋ sinn fá’n dliġe i gcoiṁeád fá ċóṁair an ċreidiṁ do ḃí le foillsiú ’n‐a ḋiaiḋ sin. 24Ar ṁoḋ gurḃ é an dliġe ár n‐oide ċum sinn do ṫreorú ċum Ċríost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ. 25Aċt ar dteaċt do’n ċreideaṁ, nílmíd feasta fá’n oide. 26Óir is clann Dé siḃ uile tré ċreideaṁ i nÍosa Críost. 27Óir an méid díḃ do baisteaḋ i gCríost, do ċuir siḃ Críost mar ċlúdaċ oraiḃ féin. 28Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir. 29Agus má’s le Críost siḃ, is slioċt Abraċaim siḃ, leis, oiḋrí de réir na geallaṁna.
Currently Selected:
Chum na nGalátach 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.