Bible App logo
Search Icon

Chum na nGalátach 4

4
1Adeirim anois, ċóṁ fada agus ḃíos an t‐oiḋre ’n‐a leanḃ, naċ mbíonn deifir idir é agus scláḃaiḋe, má tá féin go ḃfuil sé ’n‐a ṫiġearna os cionn an uile niḋ; 2aċt go mbíonn sé fá stiúraḋ oidí agus feaḋmannaċ go dtí an t‐am atá órduiġṫe ag a aṫair. 3Agus sinne mar an gcéadna, nuair ḃíomar ’n‐ár leanḃaiḃ, do ḃíomar i ndaor‐ḃroid ag dúliḃ na cruinne: 4aċt nuair ṫáinig an t‐am, do ċuir Dia uaiḋ a Ṁac, tugaḋ ó ṁnaoi, rugaḋ fá’n dliġe, 5ċum an dream do ḃí fá’n dliġe d’ḟuascailt, ċum go ḃfaiġmís‐ne uċtcaċt mar ċlann‐ṁac. 6Agus de ḃriġ gur clann‐ṁac siḃ do ċuir Dia uaiḋ Spiorad a Ṁic isteaċ ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ, g‐á ġlaoḋaċ, Abba, a Aṫair. 7Ar ṁoḋ naċ ḃfuilir id’ scláḃaiḋe níos faide, aċt id’ ṁac; agus má táir id’ ṁac, atáir id’ oiḋre leis, de ḋeoin Dé.
8Aċt ó ṫárla gan aiṫne ḃeiṫ agaiḃ ar Ḋia an tráṫ úd, do ḃí siḃ i ndaor‐ḃroid ag déiṫiḃ naċ déiṫe iad do réir nádúra: 9aċt anois, ó tá aiṫne agaiḃ ar Ḋia, nó dob’ ḟearr a ráḋ go ḃfuil aiṫne ag Dia oraiḃ‐se, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag casaḋ ar ais ċum na ndúl laga, gan tairḃe, gur mian liḃ ḃeiṫ i ndaor‐ḃroid aca aṫuair? 10Coiṁeádann siḃ laeṫe, agus míosa, agus féilte, agus bliaḋanta. 11Atá siḃ ag cur eagla orm, gur féidir gur saoṫar gan éifeaċt atá déanta agam ar ḃur son.
12Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, biḋiḋ mar táim‐se, óir atáim‐se mar tá siḃ‐se. Ní ḋearna siḃ éagcóir ar biṫ orm. 13Is eol daoiḃ gur tré easláinte colna do ṡeanmóiriġeas an soiscéal daoiḃ an ċéad uair, 14agus an niḋ im’ ċolainn do ḃí mar ċaṫú oraiḃ, ní ṫug siḃ tarcuisne ná gráin dó; aċt do ġlac siḃ liom mar aingeal Dé, mar Íosa Críost féin. 15Uime sin, cá ḃfuil an déiġṁéin úd ṫug siḃ dom? mar ḃeirim m’ḟiaḋnaise ḋaoiḃ go mbainfeaḋ siḃ amaċ ḃur súilí féin, dá mb’ ḟéidir é, agus go dtiuḃraḋ siḃ dom iad. 16An aṁlaiḋ, mar sin, go ḃfuilim im’ náṁaid agaiḃ, toisc an ḟírinne d’innsint daoiḃ? 17Ní mar ṁaiṫe liḃ atá siad ċóṁ díoġraiseaċ sin ar ḃur lorg: ní h‐eaḋ, aċt is aṁlaiḋ ba ṁian leo ḃur gcongḃáil uainn, ċum go loirgfeaḋ siḃ iad féin. 18Aċt is maiṫ í duiṫract i gcóṁnaiḋe, agus deaġ‐cúis ḃeiṫ léi ní h‐é aṁáin nuair ḃím i n‐ḃur láṫair. 19A ċlann ḃeag, go ḃfuilim i dtinneas clainne arís ’n‐ḃur dtaoḃ nó go ngeintear Críost ionnaiḃ, 20ba ṁian liom ḃeiṫ láiṫreaċ ’n‐ḃur measc anois, agus ḃeiṫ ar aṫrú glóir; óir atáim i mbárr mo ċéille ’n‐ḃur dtaoḃ.
21Innsiḋ ḋom, siḃ‐se gur mian liḃ ḃeiṫ fá’n dliġe, naċ n‐airiġeann siḃ an dliġe? 22Óir atá scríoḃṫa go raiḃ beirt ċlann‐ṁac ag Abraċam, mac aca leis an gcailín daoirseaċta, agus mac leis an saor‐ṁnaoi. 23Aċt rugaḋ mac an ċailín daoirseaċta de réir na feola; aċt rugaḋ mac na saor‐ṁná do réir geallaṁna. 24Atá fáiṫ‐ċiall ag baint leis na neiṫiḃ sin; óir ḋá ṫiomna is eaḋ an ḃeirt ḃan so; bean aca ó ċnoc Sína, ḃeireas clann ċum daoirse, is í sin Hágar. 25Anois is ionann Hágar agus cnoc Sína san Aráib, agus cialluiġeann sin an Iarúsalem atá ann anois; óir atá sí i ndaor‐ḃroid i n‐éinḟeaċt le n‐a clainn. 26Aċt an Iarúsalem atá ṫuas atá sí saor, agus is í ár máṫair í. 27Óir atá scríoḃṫa,
Déan gáirdeaċas, a ḃean aimrid naċ mbeireann;
Cuir do ċroiḋe amaċ le luṫġáir, ṫusa naċ ḃfulaingeann tinneas clainne:
Óir is líonṁaire iad clann na mná aonaránaiġe
’Ná clann na mná go ḃfuil fear aici.
28Anois, a ḃráiṫre, is clann geallaṁna siḃ, dálta Íosóig. 29Aċt fá mar rinne an té rugaḋ do réir na feola géirleanṁain ar an té rugaḋ do réir an Spioraid, is mar sin atá an scéal anois. 30Aċt créad adeir an scrioptúir? Caiṫ amaċ an cailín daoirseaċta agus a mac: óir ní ḃéiḋ oiḋreaċt ag mac an ċailín daoirseaċta i n‐éinḟeaċt le mac na saor‐ṁná. 31D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, ní clann an ċailín daoirseaċta sinne, aċt clann saor‐ṁná.

Currently Selected:

Chum na nGalátach 4: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in