Bible App logo
Search Icon

Chum na nGalátach 2

2
1Annsin i gcionn ceiṫre bliaḋan déag ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaḋas suas go h‐Iarúsalem arís i n‐éinḟeaċt le Barnabas, ag taḃairt Títuis liom, ċóṁ maiṫ. 2Agus is do réir taisbeánta do ċuaḋas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal ḟógraim i measc na gCineaḋaċ, aċt os íseal rómpa‐san ba ṁó clú, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéinn ag riṫ, nó go raḃas ag riṫ gan éifeaċt. 3Aċt níor cuireaḋ d’ḟiaċaiḃ ar Ṫítus féin do ḃí i n‐éinḟeaċt liom, a ṫimċeall‐ġearraḋ, giḋ gur Ġréagaċ é: 4agus sin mar ġeall ar na bráiṫriḃ bréige tugaḋ isteaċ os íseal, agus d’éaluiġ isteaċ os íseal ċum spiaḋ‐aireaċt do ḋéanaṁ ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtaḃairt fá ḋaoirse: 5aċt níor ġéilleamar dóiḃ‐sean oiread agus uair aṁáin; ċum go ḃfanfaḋ fírinne an tsoiscéil i gcóṁnaiḋe agaiḃ‐se. 6Aċt uaṫa‐san ba ṁó le ráḋ (is cuma liom‐sa cionnas mar ḃíodar roiṁe sin: ní ġlacann Dia le pearsain an duine), iad‐san, adeirim, ba ṁó clú, níor roinneadar éinniḋ orm: 7a ċontrárḋaċt sin ar fad, nuair ċonnacṫas dóiḃ go dtugaḋ soiscéal an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa fá mo ċúram‐sa, fá mar tugaḋ soiscéal an timċeall‐ġearrṫa do Ṗeadar; 8(óir an té do rinne abstal an timċeall‐ġearrṫa de Ṗeadar, ṫug sé cuṁaċt daṁ‐sa, ċóṁ maiṫ, ḃeiṫ im’ abstal ċum na gCineaḋaċ); 9agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa; 10aċt aṁáin cuiṁneaṁ ar na boċtaiḃ, an niḋ céadna do ḃí mar ḃárr cúraim orm féin.
11Aċt nuair ṫáinig Céfas go h‐Antuaiġ do ċuireas go dána ’n‐a éadan, ó ba léir dom é ḃeiṫ san éagcóir. 12Óir sara dtáinig daoine áiriṫe ó Ṡéamas, do ḃíoḋ sé ag iṫe i gcuideaċtain na gCineaḋaċ: aċt nuair ṫáinig siad‐san, do ṫarraing sé siar agus d’éaluiġ sé uaṫa, ar eagla luċta an timċeall‐ġearrṫa. 13Agus do rinne an ċuid eile de na h‐lúdaċaiḃ an meallaḋ céadna sin i n‐éinḟeaċt leis; ar ṁoḋ gur scuabaḋ Barnabas féin ċum siuḃail le n‐a gceilg. 14Aċt nuair ċonnacas naċ raḃadar ág siuḃal go díreaċ do réir fírinne an tsoiscéil, aduḃras le Céfas ’n‐a ḃfiaḋnaise uile, Má ċaiṫeann tusa do ṡaoġal, agus gur Iúdaċ ṫú, ar nós na gCineaḋaċ, ní h‐é ar nós na nIúdaċ, cad ċuige ḋuit a ċur d’ḟiaċaiḃ ar na Cineaḋaċaiḃ a saoġal do ċaiṫeaṁ ar nós na nIúdaċ? 15Sinne Iúdaiġ ó ḋúṫċas, agus naċ peacaiġ de Ċineaḋaċaiḃ sinn, 16aċt gur ab eol dúinn naċ ḃfíréanuiġtear an duine tré oibreaċaiḃ dliġe, aċt aṁáin tré ċreideaṁ i nÍosa Críost, do ċreideamar féin i nÍosa Críost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ i gCríost, agus ní tré oibreaċaiḃ dliġe: de ḃriġ naċ tré oibreaċaiḃ dliġe fíréanoċar feoil ar biṫ. 17Aċt ċóṁ fada is ḃímíd d’iarraiḋ ḃeiṫ fíréanuiġṫe i gCríost, má ġeiḃtear sinn ḃeiṫ ’n‐ár bpeacaċaiḃ, arḃ ionann sin agus seirḃíseaċ do’n ṗeacaḋ do ḋéanaṁ de Ċríost? Nár leigiḋ Dia é. 18Óir má ṫógaim arís na neiṫe do ḃí leagṫa ar lár agam, is ag déanaṁ cionntaiġ díom féin atáim. 19Óir is tríd an dliġe d’éagas do’n dliġe, ċum go mairfinn beo do Ḋia. 20Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon. 21Ní ag cur grása Dé ar ceal atáim: óir má’s tríd an dliġe ġeiḃtear fíréantaċt, is i n‐aisce fuair Críost bás.

Currently Selected:

Chum na nGalátach 2: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in