1
Chum na nGalátach 3:13
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
D’ḟuascail Críost ó ṁallaċt an dliġe sinn, ag déanaṁ mallaċta ḋe féin ar ár son: óir atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine croċtar ar ċrann
Compare
Explore Chum na nGalátach 3:13
2
Chum na nGalátach 3:28
Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.
Explore Chum na nGalátach 3:28
3
Chum na nGalátach 3:29
Agus má’s le Críost siḃ, is slioċt Abraċaim siḃ, leis, oiḋrí de réir na geallaṁna.
Explore Chum na nGalátach 3:29
4
Chum na nGalátach 3:14
ċum go dtiocfaḋ beannú Abraċaim i nÍosa Críost ar na Cineaḋaċaiḃ; ċum go ḃfaiġmís tré ċreideaṁ an Spiorad do ḃí geallta.
Explore Chum na nGalátach 3:14
5
Chum na nGalátach 3:11
Agus is léir naċ ḃfíréanuiġṫear aon duine tríd an dliġe i ḃfiaḋnaise Dé: óir, Is tré ċreideaṁ ṁairfeas an fíréan
Explore Chum na nGalátach 3:11