Bible App logo
Search Icon

2 Chum na gCoirinnteach 12

12
1Caiṫfiḋ mé maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, giḋ naċ ḃfuil sé tairḃeaċ; aċt tiocfad go dtí aislingí agus taiḋḃriḋṫe ó’n Tiġearna. 2Is aiṫnid dom fear i gCríost, ceiṫre bliaḋna ó ṡoin (cia aca san ċolainn, ní ḟeádar; nó taoḃ amuiġ de’n ċolainn, ní ḟeadar; is ag Dia atá a ḟios); a leiṫéid sin d’ḟear do fuaduiġeaḋ suas ċóṁ fada leis an treas flaiṫeas. 3Agus is eol dom an fear sin (san ċolainn, nó taoḃ amuiġ de’n ċolainn dó, ní ḟeadar; is ag Dia atá a ḟios), 4gur fuaduiġeaḋ é suas go Párrṫas, agus go gcuala sé briaṫra do‐innste, naċ cuiḃe do’n duine d’aiṫris. 5Déanfad maoiḋṁeaċas as a leiṫéid sin, aċt ní ḋéanfad maoiḋṁeaċas asam féin, munab as mo laigeaċtaiḃ é. 6Óir dá mba ṁian liom maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, ní ḃéiḋead díṫ‐ċéilliḋe; óir déarfad an ḟírinne: aċt staonaim uaiḋ, ar eagla go mbéaḋ meas ag aon duine orm ṫar a ḃfeiceann sé ḃeiṫ ionnam, nó ṫar a gcluineann sé uaim. 7Agus mar ġeall ar ḟeaḃas na dtaiḋḃreaḋ sin, ar eagla go mbéaḋ móráil ṫar fóir orm, tugaḋ ḋom dealg san ḃfeoil, teaċtaire Ṡátain ċum mo ċiapṫa, ċum naċ ndéanfainn mórtas ṫar fóir. 8D’impiḋeas ar an Tiġearna ’n‐a ṫaoḃ sin trí h‐uaire go dtógfaiḋe uaim é, 9agus aduḃairt sé liom, Is leor duit mo ġrása: óir is i laige noċtar mo ċuṁaċt‐sa. Uime sin is móide ḋéanfad mórtas as mo laige, ċum go mbéiḋ cumas Ċríost mar ḋídean orm. 10D’á ḃriġ sin bainim aoiḃneas as na laigeaċtaiḃ, as na maslaiḃ, as na géirleanaṁaintiḃ, as na h‐anaċnaiḃ, ar son Ċríost, óir is i n‐am mo laige is mó ḃím láidir.
11Atá duine diṫ‐céilliḋe déanta agam díom féin: aċt is siḃ‐se do ċuir d’ḟiaċaiḃ orm é; óir ba ċeart go ḃfaiġinn molaḋ uaiḃ: óir giḋ naċ éinniḋ ionnam féin mé, ní ḟuilim ar deireaḋ i gcomórtas leis na h‐abstalaiḃ is áirde clú. 12Do rinneaḋ cóṁarṫaí abstail ’n‐ḃur measc le mór‐ḟoiġid, le míorḃailtiḃ, le h‐iongantaisiḃ agus le mór‐ċuṁaċtaiḃ. 13Óir cia an leaṫ‐ċuma do rinneaḋ oraiḃ‐sa ṫar a rinneaḋ ar na h‐eaglaisiḃ eile, munarḃ é naċ raiḃ mé féin mar ṫrom‐ualaċ oraiḃ? maiṫiḋ ḋom an éagcóir sin. 14Feaċaiḋ, seo í an treas uair atáim ullaṁ ċum teaċt ċugaiḃ; agus ní ḃéidead mar ualaċ oraiḃ, óir ní h‐é ḃur gcuid atáim do ṡanntú, aċt siḃ féin: óir ní h‐iad an ċlann gur dual dóiḃ soláṫairt fá ċóṁair na dtuismiġṫeoir, aċt gur dual na tuismiġṫeoiriḃ soláṫairt do’n ċlainn. 15Agus is le fonn ċaiṫfead‐sa mo ċuid airgid, agus béiḋead dom’ ċaiṫeaṁ féin mar ṁaiṫe le n‐ḃur n‐anmannaiḃ. Dá ṁéid é mo ġráḋ ḋaoiḃ, an aṁlaiḋ an luġa‐de ḃur ngráḋ ḋaṁ‐sa é? 16Bíoḋ gur fíor naċ raḃas féin mar ualaċ oraiḃ; aċt is aṁlaiḋ ḃíos ro‐ġlic daoiḃ, agus do ṁeallas lem’ ċleasaiḃ siḃ! 17An ḃfuaras brabaċ ar biṫ de ḃárr aon duine d’ár ċuireas ċugaiḃ? 18D’impiḋeas ar Ṫítus dul, agus do ċuireas an bráṫair i n‐éinḟeaċt leis. An ḃfuair Títus aon ḃrabaċ oraiḃ? naċ i n‐aon Spiorad aṁáin do ṡiuḃlamar? naċ aon lorg aṁáin do leanamar?
19Measann siḃ ar feaḋ an ama so gur ag cumaḋ leiṫscéil atáimíd. Is i ḃfiaḋnaise Dé laḃraimíd i gCríost. Is ar ṁaiṫe liḃ‐se, a ċairde ionṁaine, adeirim gaċ niḋ. 20Óir is eagal liom, nuair ṫiocfad, naċ ḃfaiġead siḃ ḃeiṫ mar ba ṁian liom, agus go ḃfaiġeaḋ siḃ mise gan ḃeiṫ mar nár ṁian liḃ; ar eagla, b’ḟéidir, go mbéaḋ aċrann, formad, fearg, deaġailt, cúl‐ċainnt, bíodán, éirġe‐i‐n‐áirde, círéiḃ; 21ar eagla, nuair ṫiocfad arís, go n‐uṁlóċaiḋ Dia ’n‐ḃur measc mé, agus go mbéiḋ orm a lán díoḃ‐san do ċaoineaḋ do rinne peacaḋ ċeana, gan aiṫriġe do ḋéanaṁ san míoġlaine, agus san striapaċas, agus san drúis do ċleaċtadar.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in