Bible App logo
Search Icon

2 Chum na gCoirinnteach 11

11
1Ba ṁian liom go ḃféadfaḋ siḃ beagán diṫ‐céille d’ḟulang uaim: aċt ċeana atá siḃ ag fulang liom. 2Óir atáim éadṁar liḃ le h‐éad diaḋa: óir ṫugas le pósaḋ siḃ d’ḟear aṁáin, ċum siḃ do ṫaḃairt mar ṁaiġdin gan smál do Ċríost. 3Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost. 4Óir má ṫagann duine ag seanmóiriú Ċríost eile nár ṡeanmóruiġeamair‐ne, nó má ġlacann siḃ spiorad eile nár ġlacamar leis, naċ breaġ mar ḟulaingeann siḃ leisean? 5Óir measaim naċ ḃfuil tosaċ ag na h‐abstalaiḃ mór‐luaċaċa úd orm‐sa. 6Aċt má’s fíor féin gur beag le ráḋ fá ċainnt mé, ní mar sin dom fá eolas: mar do ċruṫuiġeamar ’n‐ḃur measc é go h‐iomlán ar gaċ sliġe. 7Nó ar ṗeacaḋ ḋom m’ísliú féin ċum siḃ d’árdú? de ċionn gur ṡeanmóruiġeas soiscéal Dé i n‐aisce ḋaoiḃ? 8Do ċreaċas eaglaisí eile, ag glacaḋ tuarastail uaṫa ċum seirḃís do ḋéanaṁ ḋaoiḃ‐se; 9agus nuair do ḃíos ’n‐ḃur láṫair, agus mé i ngáḃatar, ní raḃas mar ualaċ ar aon duine; óir na bráiṫre, ag teaċt ó’n Maiċeadóin dóiḃ, ṫugadar dom gaċ a raiḃ i n‐éasnaṁ orm; agus ar gaċ sliġe do ċoisceas mé féin ar ḃeiṫ mar ualaċ oraiḃ, agus coiscfead. 10Mar tá fírinne Ċríost ionnam, ní ċuirfiḋ aon duine stad liom san aḋḃar maoiḋṁeaċais seo agam i gcríoċaiḃ Aċáia. 11Cad ċuige? Toisc gan gráḋ ḃeiṫ agam daoiḃ‐se? Is ag Dia atá a ḟios sin. 12Aċt an méid do‐ġním, leanfad de, ċum naċ dtugad faill do’n dream gur mian leo faill d’ḟáġáil; ċum go ḃfaiġfiḋe iad ḃeiṫ ċóṁċosṁail linne i dtaoḃ an niḋ atá mar aḋḃar maoiḋṁeaċais aca. 13Óir is abstail ḃréige a leiṫéidí sin, oibriḋṫe mealltaċa, g‐á gcur féin i gcló abstal Ċríost. 14Agus ní h‐aon iongnaḋ é sin; mar ċuireann Sátan féin cló aingil solais air féin. 15D’á ḃriġ sin, ní h‐aon rud mór a ṡeirḃísiġ ḃeiṫ g‐á n‐aistriú féin i gcló seirḃíseaċ fíréantaċta mar an gcéadna; dream gur do réir a ngníoṁarṫa ḃéas a gcríoċ ḋéiḋeannaċ.
16Adeirim arís, Ná measaḋ aoinneaċ gur duine diṫ‐céilliḋe mé; má ṁeasann siḃ‐sé e, glacaiḋ liom mar ḋuine diṫ‐céilliḋe, agus leigiḋ ḋom beagán maoiḋṁeaċais do ḋéanaṁ. 17An méid adeirim, ní do réir an Tiġearna adeirim é, aċt mar ḃéaḋ do réir diṫ‐céille, le teann maoiḋṁeaċais. 18Ó ṫárla a lán ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ do réir na colna, maoiḋfead‐sa mar an gcéadna. 19Óir siḃ‐se atá ċóṁ céilliḋe sin, fulaingeann siḃ go fonnṁar le luċt diṫ‐céille. 20Óir má ċuireann duine fá ḋaoirse siḃ, má ċreaċann sé siḃ, má ṁeallann sé siḃ, má éiriġeann sé uaiḃreaċ, má ḃuaileann sé san éadan siḃ, fulaingeann siḃ leis. 21Laḃraim ’gam’ ċáineaḋ féin, aṁail mar ḃéimís ro‐lag. Aċt má tá aḋḃar dánaiḋeaċta ag duine ar biṫ (ag laḃairt go diṫ‐céilliḋe atáim) atáim‐se dána, leis. 22An Eaḃraiḋiġ iad‐san? Is eaḋ mise, leis. An Israelítiġ iad? Is eaḋ mise, leis. An clann Abraċaim iad? Is eaḋ mise, leis. 23An seirḃísiġ Ċríost iad (ag laḃairt mar ḋuine atá as a ċéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba ḋúṫraċtaiġe i saoṫar, i bpríosúnaiḃ ní ba ṁiniciġe, dom’ sciúirseaḋ as miosúr, i mbaoġal báis go minic. 24Fuaras ḋá ḟiċid buille, aċt ceann aṁáin, cúig uaire ó na h‐Iúdaċaiḃ. 25Do buaileaḋ le slataiḃ trí h‐uaire mé, do gaḃaḋ de ċloċaiḃ orm uair aṁáin, d’ḟulaingeas long‐ḃriseaḋ trí h‐uaire, do ċaiṫeas lá go n‐oiḋċe ar an aiḃéis ṁóir; 26go minic ar turasaiḃ, i ngáḃaḋ aiḃne, i ngáḃaḋ ó ġadaiḋṫiḃ, i ngáḃaḋ óm’ ċineaḋ féin, i ngáḃaḋ ó na Págánaċaiḃ, i ngáḃaḋ i mbailtiḃ móra, i ngáḃaḋ san ḃfásaċ, i ngáḃaḋ mara, i ngáḃaḋ i measc bráṫar bréige; 27i saoṫar agus i gcruaḋtan, i ḃfaireaċán go minic, i dtroscaḋ go minic, fá ocras agus fá lomnoċtaiġe. 28I gcionn na neiṫe sin taoḃ amuiġ ḋíom, atá an gnó ḃíos ’gam’ ċráḋ gaċ lá, imniḋe fá na h‐eaglaisiḃ uile. 29Cia h‐é atá lag gan mise ḃeiṫ lag? Cia h‐é go mbaintear tusleaḋ as, agus naċ mbím dom’ loscaḋ? 30Má ċaiṫfead maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, is as neiṫiḃ ḃaineas lem’ laige ṁaoiḋfead. 31Atá a ḟios ag Dia, ag Aṫair an Tiġearna Íosa Críost atá beannuiġṫe go síorraiḋe, naċ bréag atáim d’innsint. 32I nDamaisc dom, an goiḃearnóir atá fá ċeannas Arétais rí, do ċonḃuiġ sé gárda ar ċaṫair na nDámaisceaċ, d’ḟonn mise do ġaḃáil: 33agus do leigeaḋ mé síos tré ḟuinneoig i gciseán le h‐ais an ḃalla, gur éaluiġeas ó n‐a láṁaiḃ.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in