2 Chum na gCoirinnteach 13
13
1Is í seo an treas uair dom ag teaċt ċugaiḃ. Ar ḟiaḋnaise beirte nó triúir bunóċar gaċ focal. 2Aduḃras liḃ ċeana nuair ḃíos láiṫreaċ an dara h‐uair, agus anois, ar mbeiṫ as láṫair dom, fógraim do na daoiniḃ do rinne peacaḋ, agus do na daoiniḃ eile, má ṫagaim arís, naċ ndéanfad truaġ ḋaoiḃ; 3ó tá siḃ ag iarraiḋ a ċruṫú gur ab é Críost atá ag laḃairt ionnam; an té naċ ḃfuil lag ’n‐ḃur dtaoḃ, aċt atá cuṁaċtaċ ’n‐ḃur measc. 4Óir má’s fíor gur céasaḋ é tré laige, maireann sé beo tré ċuṁaċt Dé. Óir atáimíd féin lag i n‐éinḟeaċt leis, aċt mairfimíd beo i n‐éinḟeaċt leis de ḃárr cuṁaċta Dé ’n‐ḃur dtaoḃ.
5Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ. 6Aċt atá súil againn go dtuigfiḋ siḃ naċ daoine iondamanta sinne. 7Anois aṫċuinġim ar Ḋia naċ ndéanfaiḋ siḃ olc ar biṫ; ní h‐é ċum go measfaiḋe sinn ḃeiṫ ionṁolta, aċt le fonn go ndéanfaiḋ siḃ‐se an ċóir, agus go measfaiḋe sinne ḃeiṫ iondamanta. 8Óir ní féidir linn éinniḋ do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ na fírinne, aċt ar son na fírinne. 9Óir bíonn luṫġáir orainn nuair ḃímíd lag, agus siḃ‐se ḃeiṫ láidir: agus is é rud ġuiḋmíd, siḃ‐se ḃeiṫ foirḃṫe ar fad. 10D’á ḃriġ sin atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo, agus mé as láṫair, fá mar ṫug an Tiġearna uġdarás ċum leasuiġṫe, agus ní ċum leagṫa ḋom.
11I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ. 12Beannuiġiḋ d’á ċéile le póig naoṁṫa. 13Beannuiġeann na naoiṁ go léir daoiḃ. 14Go raiḃ grása an Tiġearna Íosa Críost, agus gráḋ Dé, agus comaoin an Spioraid Naoiṁ agaiḃ go léir.
Currently Selected:
2 Chum na gCoirinnteach 13: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.