Óir dá mba ṁian liom maoiḋṁeaċas do ḋéanaṁ, ní ḃéiḋead díṫ‐ċéilliḋe; óir déarfad an ḟírinne: aċt staonaim uaiḋ, ar eagla go mbéaḋ meas ag aon duine orm ṫar a ḃfeiceann sé ḃeiṫ ionnam, nó ṫar a gcluineann sé uaim. Agus mar ġeall ar ḟeaḃas na dtaiḋḃreaḋ sin, ar eagla go mbéaḋ móráil ṫar fóir orm, tugaḋ ḋom dealg san ḃfeoil, teaċtaire Ṡátain ċum mo ċiapṫa, ċum naċ ndéanfainn mórtas ṫar fóir.