1 Chum Timóteuis 4
4
1Aċt adeir an Spiorad go soiléir go dtréigfiḋ cuid de na daoiniḃ an creideaṁ ins na h‐aimsearaiḃ deireannaċa, ag taḃairt aire do spioraidiḃ mealltaċa agus do ṫeagascaiḃ deaṁan, 2tré ḃéalċráḃaḋ luċta na mbréag, go ḃfuil a gcoinsias loiscṫe mar ḃéaḋ le h‐iarann dearg; 3ag cur coisc le pósaḋ agus g‐á ṁolaḋ staonaḋ ó ḃiaḋannaiḃ atá cruṫuiġṫe ag Dia ċum go gcaiṫfeaḋ na daoine fuair creideaṁ agus eolas na fírinne iad le buiḋeaċas. 4Óir is maiṫ é gaċ niḋ do ċruṫuiġ Dia, agus ní ceart rud ar biṫ d’eiteaċ, aċt go nglactar é le breiṫ buiḋeaċais; 5óir beannuiġtear é tré ḃriaṫar Dé agus tré urnaiġe.
6Má ċuireann tú na neiṫe seo i gcuiṁin do na bráiṫriḃ, béiḋir id’ ṡeirḃíseaċ maiṫ d’Íosa Críost, oilte as briaṫraiḃ an ċreidiṁ agus as an deaġ‐ṫeagasc d’ár leanais go dtí anois. 7Aċt seaċain baoiṫ‐scéalta saoġalta agus faḃla sean‐ḃan. 8Agus déan cleaċtaḋ ar an diaḋaċt: óir is beag an tairḃe atá i n‐aclaiḋeaċt cuirp; aċt atá tairḃe le h‐aġaiḋ an uile niḋ san diaḋaċt, mar tá innti geallaṁain na beaṫaḋ atá ann anois, agus atá le teaċt. 9Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis. 10Óir ċuige sin is eaḋ atáimíd ag saoṫrú agus ag spairn, toisc ár muiniġin ḃeiṫ againn as an Dia beo, slánuiġṫeoir na ndaoine uile, an méid aca ċreideas, go mór‐ṁór. 11Fógair agus múin na neiṫe seo. 12Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do ḋéanaṁ det’ óige; aċt bí id’ eisiompláir do luċt an ċreidiṁ, i mbriaṫraiḃ béil, i mbéasaiḃ, i ngráḋ, i gcreideaṁ, i ḃfíor‐ġlaine. 13Go dtí go dtagad‐sa, taḃair aire do’n léiġṫeoireaċt, do’n ġríosaḋ, do’n teagasc. 14Ná déan failliġe san taḃartas atá ionnat, tugaḋ tré ṫarngaire ḋuit le leagaḋ láṁ na seanóir. 15Bí ag cleaċtaḋ na neiṫe seo; taḃair lán‐aire ḋóiḃ, ċum go mba léir do’n uile ḋuine an dul ar aġaiḋ atá ḋ’á ḋéanaṁ agat. 16Taḃair aire ḋuit féin agus dod’ ṫeagasc; lean díoḃ; óir, g‐á ḋéanaṁ ḋuit, saorfair ṫú féin agus iad‐san éisteas leat.
Currently Selected:
1 Chum Timóteuis 4: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.