1
1 Chum Timóteuis 4:12
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do ḋéanaṁ det’ óige; aċt bí id’ eisiompláir do luċt an ċreidiṁ, i mbriaṫraiḃ béil, i mbéasaiḃ, i ngráḋ, i gcreideaṁ, i ḃfíor‐ġlaine.
Compare
Explore 1 Chum Timóteuis 4:12
2
1 Chum Timóteuis 4:8
Agus déan cleaċtaḋ ar an diaḋaċt: óir is beag an tairḃe atá i n‐aclaiḋeaċt cuirp; aċt atá tairḃe le h‐aġaiḋ an uile niḋ san diaḋaċt, mar tá innti geallaṁain na beaṫaḋ atá ann anois, agus atá le teaċt.
Explore 1 Chum Timóteuis 4:8
3
1 Chum Timóteuis 4:16
Taḃair aire ḋuit féin agus dod’ ṫeagasc; lean díoḃ; óir, g‐á ḋéanaṁ ḋuit, saorfair ṫú féin agus iad‐san éisteas leat.
Explore 1 Chum Timóteuis 4:16
4
1 Chum Timóteuis 4:1
Aċt adeir an Spiorad go soiléir go dtréigfiḋ cuid de na daoiniḃ an creideaṁ ins na h‐aimsearaiḃ deireannaċa, ag taḃairt aire do spioraidiḃ mealltaċa agus do ṫeagascaiḃ deaṁan
Explore 1 Chum Timóteuis 4:1
5
1 Chum Timóteuis 4:7
Aċt seaċain baoiṫ‐scéalta saoġalta agus faḃla sean‐ḃan.
Explore 1 Chum Timóteuis 4:7
6
1 Chum Timóteuis 4:13
Go dtí go dtagad‐sa, taḃair aire do’n léiġṫeoireaċt, do’n ġríosaḋ, do’n teagasc.
Explore 1 Chum Timóteuis 4:13