Bible App logo
Search Icon

1 Chum Timóteuis 3

3
1Is inċreidṫe an focal, má loirgeann duine cúram easbuic, go loirgeann sé obair ṁaiṫ. 2Uime sin ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, ḃeiṫ pósta le mnaoi aṁáin, ḃeiṫ measarḋa, staidéarṫa, déiġḃéasaċ, fáilteaċ; ullaṁ ċum teagasc do ṫaḃairt, 3gan ḃeiṫ tugṫa do’n ḟíon, gan ḃeiṫ bruiġeantaċ; 4aċt ḃeiṫ ceannsa, síoṫċánta, gan sainnt: ḃeiṫ ’n‐a ḋuine riaġluiġeas a ṫeaġlaċ féin go maiṫ, agus go ḃfuil a ċlann féin fá smaċt le stuaim aige; 5óir munab eol do ḋuine cionnas a ṫeaġlaċ féin do riaġlú, cionnas ġlacfaiḋ sé cúram eaglaise Dé air féin? 6Ba ċeart dó gan ḃeiṫ ’n‐a nua‐ċreidṁeaċ, ar eagla, ar mbeiṫ lán d’uaḃar dó, go dtuitfeaḋ sé fá ḃreiṫeaṁnas an diaḃail. 7Ṫairis sin, ní folair deaġ‐ṫeist ḃeiṫ ag na daoiniḃ atá amuiġ air; ar eagla go dtuitfeaḋ sé i scannal agus i ndol an diaḃail. 8Ar an gcuma ċéadna ní foláir do na deoċanaiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan teanga‐liom‐leat ḃeiṫ aca, gan ḃeiṫ tugṫa do ṁórán fíona, gan ḃeiṫ sanntaċ i ndroċ‐éadáil; 9ag coiṁeád rúindiaṁaire an ċreidiṁ i gcoinsias glan. 10Agus déantar tastáil orṫa‐san ar dtús, leis; ’na ḋiaiḋ sin, má táid gan loċt, déanaidís seirḃís mar ḋeoċanaiḃ. 11Agus ar an gcuma ċéadna, ní foláir do na mnáiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan ḃeiṫ bíodánaċ, aċt ḃeiṫ macánta, dílis san uile niḋ. 12Bíoḋ na deoċain pósta le mnaoi aṁáin, ag riaġlú a gclainne agus a dteaġlaiġ féin go maiṫ. 13Óir na daoine do‐ġní seirḃís ṁaiṫ mar ḋeoċanaiḃ, do‐geiḃ siad céim ṁaiṫ ḋóiḃ féin, mar aon le dánaċt mór san gcreideaṁ atá i nÍosa Críost.
14Atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugat, agus mé ag súil le teaċt ċugat go luaṫ; 15aċt má ġním moill, ċum go dtuigiḋ tú cionnas ba ċeart duit ṫú féin d’iomċar i dteaġlaċ Dé, is é sin eaglaif Dé ḃí, colaṁan agus crann cosanta na fírinne. 16Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.

Currently Selected:

1 Chum Timóteuis 3: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in