Bible App logo
Search Icon

1 Chum Timóteuis 5

5
1Ná bagair ar ṡeanduine, aċt déan impiḋe air mar ḃéaḋ aṫair ann: na fir óga mar ḃéaḋ bráiṫre ann: 2na sean‐ṁná mar ḃéaḋ máiṫreaċa, na mná óga mar ḃéaḋ siúraċa ann, go moḋaṁail ar fad. 3Taḃair onóir do na baintreaḃaċaiḃ atá n’‐a mbaintreaḃaċaiḃ dá ríriḃ. 4Aċt má tá aon ḃaintreaḃaċ ann agus clann nó clann clainne aici, foġlaimidís ar dtús gur dual dóiḃ cráiḃṫeaċt do ṫaisbeáint d’á líon tiġe féin, agus cúiteaṁ do ḋéanaṁ le n‐a dtuismiġṫeoiriḃ: óir atá sin taiṫneaṁaċ i ḃfiaḋnaise Dé. 5Bean atá ’n‐a baintreaḃaiġ dá ríriḃ, agus í fágṫa ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muiniġin as Dia, agus leanann sí d’aṫċuinġeaċaiḃ agus d’urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló. 6Aċt an ḃean ċuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marḃ, agus í ’n‐a beaṫaiḋ. 7Cuir na neiṫe seo ’n‐a luiġe orṫa ċum go mbéiḋ siad gan loċt. 8Aċt muna ndéanaiḋ duine soláṫar d’á ṁuinntir féin, d’á líon tiġe féin, go h‐áiriṫe, atá an creideaṁ tréigṫe aige, 9agus is measa é ’ná duine gan creideaṁ. Ná curtar baintreaḃaċ ar an rolla má tá sí fá ḃun trí scór bliaḋan d’aois, pósta le fear aṁáin, 10deaġ‐ṫeist ḃeiṫ uirṫi ás uċt deaġ‐ġníoṁarṫa; má tá clann oilte aici: má ċuir sí fáilte roiṁ stróinséiriḃ, má niġ sí cosa na naoṁ, má ċug sí fóiriṫin ar luċt aindeise, má lean sí go díċeallaċ do gaċ saġas deaġ‐ġníṁ. 11Aċt diúltuiġ do na baintreaḃaċaiḃ óga: óir nuair éiriġeas siad ainṁianaċ fá ċuing Ċríost, is mian leo pósaḋ; 12agus atáid fá ḃreiṫeaṁnas, toisc a gcéad dílseaċt do ḃriseaḋ. 13Ṫairis sin, ag éirġe díoṁaoin dóiḃ, bíonn siad ag dul ó ṫiġ go tiġ; agus ní h‐é díoṁaoin aṁáin, aċt bíonn siad cainnteaċ, fíosruiġṫeaċ, ag cur síos ar neiṫiḃ naċ ceart dóiḃ laḃairt ’n‐a dtaoḃ. 14D’á ḃriġ sin is toil liom go bpósfaḋ na mná óga, go mbéarfaidís clann, go riarfaidís gnóṫaí an tiġe, gan aon aḋḃar scannail do ṫaḃairt do’n áiḋḃeirseoir: 15óir atá cuid aca tionntuiġṫe ċeana ċum Sátain. 16Má tá bean de luċt an ċreidiṁ ann, agus baintreaḃaċa fá n‐a cúram aici, déanaḋ sí fóiriṫin orṫa, ċum naċ mbéiḋ a gcúram ar an eaglais; ċum go mbéiḋ go leor aici le h‐aġaiḋ na ndaoine atá ’n‐a mbaintreaḃaċaiḃ dá ríriḃ.
17Meastar gur fiú a ḋá oiread d’onóir na seanóirí riaġluiġeas go maiṫ, iad‐san go mór‐ṁór go mbíonn an tseanmóireaċt agus an teagasc mar ṡaoṫar aca. 18Óir is é adeir an scrioptúir, Ní ċuirfir féastraċ leis an daṁ, agus é ag satailt ar an aḋḃar. Agus is fiú an t‐oibriḋe luaċ a ṡaoṫair. 19Ná glac le gearán i n‐aġaiḋ seanóra aċt ar ḟiaḋnaise beirte nó trír. 20Aiṫḃear na daoine do‐ġní peacaḋ i ḃfiaḋnaise cáiċ, ċum eagla do ċur ar an gcuid eile. 21Cuirim mar aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toġṫa, na neiṫe seo do ḋéanaṁ gan claoin‐ḃreiṫ, gan faḃar. 22Ná leag láṁa go h‐obann ar aoinneaċ, agus ná bí páirteaċ i bpeacaiḋiḃ daoine eile: congḃuiġ ṫú féin glan. 23Ná h‐ól uisce feasta, aċt glac beagán fíona ar ṁaiṫe led’ ġoile agus leis na h‐aicídiḃ ḃíos ort go minic. 24Atá daoine ann go ḃfuil a bpeacaiḋe follusaċ, ag tarraingt breiṫeaṁnais orṫa féin; agus atá daoine eile ann go noċtar a bpeacaiḋe ’n‐a ndiaiḋ. 25Ar an gcuma ċéadna bíonn deaġ‐oibreaċa ann atá follusaċ; agus na deaġ‐oibreaċa naċ ḃfuil follusaċ ní féidir a gceilt.

Currently Selected:

1 Chum Timóteuis 5: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in