1 Eoin 3
3
1Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean. 2A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé. 3Agus gaċ aoinneaċ go ḃfuil an dóċas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan. 4Gaċ aoinneaċ do‐ġní peacaḋ sáruiġeann sé an dliġe, leis: agus is sárú dliġe an peacaḋ. 5Agus is eol daoiḃ gur foillsiġeaḋ é ċum peacaḋ do ċur ar ceal; agus ní ḟuil peacaḋ ar biṫ ann féin. 6Cibé duine ċóṁnuiġeas ann, ní ḋéanann sé peacaḋ: cibé duine do‐ġní peacaḋ, ní ḟaca sé, ná níor aiṫniġ sé é. 7A ċlann ḃeag, ná meallaḋ aoinneaċ siḃ: an té ċleaċtas fíréantaċt atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta: 8an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail. 9Cibé duine do geineaḋ ó Ḋia, ní ḋéanann sé peacaḋ, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacaḋ do ḋéanaṁ de ḃriġ gur ó Ḋia do geineaḋ é. 10Air seo is eaḋ aiṫniġtear clann Dé agus clann an diaḃail: an té naċ gcleaċtann fíréantaċt, ní duine le Dia eisean ná an té naċ dtugann gráḋ d’á ḃráṫair. 11Óir is í seo an teaċtaireaċt do ċualaḃar ó ṫús, gur dual dúinn gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile: 12ní ar nós Ċáin é, duine de ċlainn na h‐ainspioraide do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus cad ċuige ar ṁarḃ sé é? Toisc a oibreaċa féin ḃeiṫ go h‐olc, agus oibreaċa a ḋearḃráṫar ḃeiṫ fíréanta.
13Ná bíoḋ aon iongnaḋ oraiḃ, a ḃráiṫre, fuaṫ ḃeiṫ ag an saoġal daoiḃ. 14Is eol dúinn go ḃfuilmíd aistriġṫe ó’n mbás go dtí an ḃeaṫa toisc gráḋ ḃeiṫ againn do na bráiṫriḃ. An té atá gan gráḋ fanann sé san mbás. 15Cibé duine go ḃfuil fuaṫ aige d’á ḃráṫair is dún‐ṁarḃṫóir é: agus atá a ḟios agaiḃ naċ gcóṁnuiġeann an ḃeaṫa ṁarṫannaċ i n‐aon dún‐ṁarḃṫóir. 16Air so is eaḋ aiṫniġmíd an gráḋ, de ḃriġ go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba ċeart dúinne ár n‐anam do ṫaḃairt ar son na mbráṫar. 17Aċt cibé duine go ḃfuil maoin an tsaoġail seo aige, agus go ḃfeiceann sé á ḃráṫair i riaċtanas, agus go gcruaḋann sé a ċroiḋe ’n‐a aġaiḋ, cionnas ċóṁnuiġeann gráḋ Dé ann? 18A ċlann ḃeag, ná taḃraimís gráḋ i mbriaṫraiḃ béil, ná leis an teangain: aċt i ngníoṁarṫaiḃ agus i ḃfírinne. 19Air so aiṫniġtear gur daoine de’n ḟírinne sinn, agus béiḋ sásaṁ croiḋe againn ’n‐a ḟiaḋnaise; 20óir má ċionntuiġeann ár gcroiḋe sinn, is mó Dia ’ná ár gcroiḋe, agus is eol dó an uile niḋ. 21A ċáirde ionṁaine, muna gcionntuiġeann ár gcroiḋe sinn, atá uċtaċ againn i ḃfiaḋnaise Dé; 22agus cibé niḋ iarraimíd air doġeiḃimíd uaiḋ é, de ḃriġ go gcoiṁeádaimíd a aiṫeanta, agus go ndéanaimíd na neiṫe ṫaiṫniġeas leis. 23Agus is í a aiṫne, creideaṁain i n‐ainm a Ṁic Íosa Críost, agus gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, do réir na h‐aiṫne ṫug sé ḋúinn. 24Agus an té ċoiṁeádas a aiṫeanta, cóṁnuiġeann sé ann, agus cóṁnuiġeann seisean ann. Agus air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġeann sé ionnainn, tríd an Spiorad ṫug sé ḋúinn.
Currently Selected:
1 Eoin 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.