Bible App logo
Search Icon

1 Eoin 4

4
1A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal. 2Is air so aiṫneoċas siḃ Spiorad Dé: gaċ spiorad adṁuiġeas Íosa Críost ṫáinig san gcolainn, is ó Ḋia atá sé: 3agus gaċ spiorad naċ n‐adṁuiġeann Íosa, ní ó Ḋia atá sé: agus is é spiorad an ain‐ċríosta é, go gcualaḃar scéal go raiḃ sé le teaċt; agus atá sé san tsaoġal ċeana féin. 4Is ó Ḋia atá siḃ‐se, a ċlann ḃeag, agus atá buaiḋte agaiḃ orṫa‐san: óir is treise an té atá ionnaiḃ‐se ’ná an té atá san tsaoġal. 5Is daoine de luċt an tsaoġail iad‐san: uime sin laḃrann siad ar nós an tsaoġail, agus éisteann an saoġal leo. 6Is daoine de ċlainn Dé sinne: an té go ḃfuil aiṫne aige ar Ḋia éisteann sé linn; an té naċ ḃfuil ó Ḋia ní éisteann sé linn. Air so is eaḋ aiṫniġmíd spiorad na fírinne agus spiorad an tseaċráin.
7A ċáirde ionṁaine, bíoḋ gráḋ againn d’á ċéile: óir is ó Ḋia ṫig an gráḋ; agus gaċ duine ġráḋuiġeas, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus aiṫniġeann sé Dia. 8An té naċ ngráḋuiġeann, ní ḟuil aiṫne aige ar Ḋia; óir is gráḋ é Dia. 9Is mar so do noċtaḋ gráḋ Dé ḋúinn, gur ċuir Dia a Aon‐Ṁac féin isteaċ san tsaoġal ċum go mairfímís tríd. 10Is ann atá an gráḋ, ní h‐é go dtugamar gráḋ do Ḋia, aċt go dtug seisean gráḋ ḋúinne, agus gur ċuir sé a Ṁac uaiḋ mar íoḋbarṫaċ ar son ár bpeacaiḋe. 11A ċáirde ionṁaine, má ḃí gráḋ ċóṁ mór sin ag Dia ḋúinn, ba ċeart dúinne gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile. 12Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ: má tá gráḋ againn d’á ċéile, cóṁnuiġeann Dia ionnainn, agus curtar a ġráḋ i gcríċ ionnainn. 13Is air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġmíd ann, agus go gcóṁnuiġeann seisean ionnainn, de ḃriġ gur roinn sé a spiorad linn. 14Agus do ċonnacamar agus do‐ḃeirimíd fiaḋnaise gur ċuir an tAṫair a Ṁac uaiḋ mar Ṡlánuiġṫeoir an doṁain. 15Cibé duine adṁóċas gur ab é Íosa Mac Dé, cóṁnuiġeann Dia ann, agus cóṁnuiġeann seisean i nDia. 16Agus d’aiṫniġeamar an gráḋ atá ag Dia ḋúinn, agus do ċreideamar ann. Is gráḋ é Dia; agus an té ċóṁnuiġeas san ngráḋ, cóṁnuiġeann sé i nDia, agus cóṁnuiġeann Dia ann. 17Is mar sin curtar a ġráḋ i gcriċ ionnainn, ċum go mbéiḋ uċtaċ againn i lá an ḃreiṫeaṁnais; de ḃriġ go mbímíd san tsaoġal mar ḃíonn seisean. 18Ní ḟuil eagla san ngráḋ, aċt is aṁlaiḋ ċuireas gráḋ iomlán an eagla amaċ, óir baineann peannaid leis an eagla agus an té go mbíonn eagla air, ní ḟuil a ġráḋ go h‐iomlán. 19Do‐ḃeirimíd gráḋ ḋósan de ḃriġ go raiḃ tosaċ aige‐sean ag taḃairt gráḋa ḋúinne. 20Má deir aoinneaċ, Atá gráḋ do Ḋia agam, agus fuaṫ dó ḃeiṫ aige d’á ḃráṫair, is bréagaire é; óir an té atá gan gráḋ do’n ḃráṫair do ċonnaic sé, ní féidir leis gráḋ do ṫaḃairt do Ḋia naċ ḃfaca sé. 21Agus atá an aiṫne againn uaiḋ, An té ġráḋuiġeas Dia, taḃraḋ sé gráḋ d’á ḃráṫair mar an gcéadna.

Currently Selected:

1 Eoin 4: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in