1
1 Eoin 3:18
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
A ċlann ḃeag, ná taḃraimís gráḋ i mbriaṫraiḃ béil, ná leis an teangain: aċt i ngníoṁarṫaiḃ agus i ḃfírinne.
Compare
Explore 1 Eoin 3:18
2
1 Eoin 3:16
Air so is eaḋ aiṫniġmíd an gráḋ, de ḃriġ go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba ċeart dúinne ár n‐anam do ṫaḃairt ar son na mbráṫar.
Explore 1 Eoin 3:16
3
1 Eoin 3:1
Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean.
Explore 1 Eoin 3:1
4
1 Eoin 3:8
an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail.
Explore 1 Eoin 3:8
5
1 Eoin 3:9
Cibé duine do geineaḋ ó Ḋia, ní ḋéanann sé peacaḋ, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacaḋ do ḋéanaṁ de ḃriġ gur ó Ḋia do geineaḋ é.
Explore 1 Eoin 3:9
6
1 Eoin 3:17
Aċt cibé duine go ḃfuil maoin an tsaoġail seo aige, agus go ḃfeiceann sé á ḃráṫair i riaċtanas, agus go gcruaḋann sé a ċroiḋe ’n‐a aġaiḋ, cionnas ċóṁnuiġeann gráḋ Dé ann?
Explore 1 Eoin 3:17
7
1 Eoin 3:24
Agus an té ċoiṁeádas a aiṫeanta, cóṁnuiġeann sé ann, agus cóṁnuiġeann seisean ann. Agus air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġeann sé ionnainn, tríd an Spiorad ṫug sé ḋúinn.
Explore 1 Eoin 3:24
8
1 Eoin 3:10
Air seo is eaḋ aiṫniġtear clann Dé agus clann an diaḃail: an té naċ gcleaċtann fíréantaċt, ní duine le Dia eisean ná an té naċ dtugann gráḋ d’á ḃráṫair.
Explore 1 Eoin 3:10
9
1 Eoin 3:11
Óir is í seo an teaċtaireaċt do ċualaḃar ó ṫús, gur dual dúinn gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile
Explore 1 Eoin 3:11
10
1 Eoin 3:13
Ná bíoḋ aon iongnaḋ oraiḃ, a ḃráiṫre, fuaṫ ḃeiṫ ag an saoġal daoiḃ.
Explore 1 Eoin 3:13