Bible App logo
Search Icon

1 Eoin 2

2
1A ċlann ḃeag, atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugaiḃ ċum naċ ndéanfaiḋ siḃ peacaḋ. Agus má ġníonn aoinneaċ peacaḋ, atá aḃcóide againn i ḃfoċair an Aṫar, Íosa Críost fíréan: 2agus is eisean an t‐íoḋbarṫaċ, ní h‐aṁáin ar son ár bpeacaiḋe‐ne, aċt ar son peacaiḋe an doṁain ar fad. 3Agus is air so aiṫniġmíd go ḃfuil aiṫne againn air, má ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta. 4An té adeir, Atá aiṫne agam air, agus naċ gcoiṁeádann a aiṫeanta, is bréagaire é, agus ní ḟuil fírinne ar biṫ ann. 5Aċt an té ċoiṁeádas a ḃriaṫar, is ann atá gráḋ Dé críoċnuiġṫe. Is air so aiṫniġmíd go ḃfuilmíd ann: 6an té adeir go gcóṁnuiġeann sé ann, atá sé de ḋualgas air siuḃal do réir mar ṡiuḃail seisean.
7A ċáirde ionṁaine, ní h‐aon aiṫne nua atá agam d’á scríoḃaḋ ċugaiḃ, aċt sean‐aiṫne do ḃí ó ṫús agaiḃ. Is í an tsean‐aiṫne an briaṫar do ċualaḃar. 8Aċt ċeana is aiṫne nua atá agam d’á scríoḃaḋ ċugaiḃ, niḋ atá d’á ḟíorú san té sin agus ionnaiḃ‐se ċeana féin; óir atá an dorċadas ag imṫeaċt, agus atá an fíor‐ṡolas ag lonnraḋ ċeana. 9An té adeir go ḃfuil sé san tsolas, agus fuaṫ ḃeiṫ aige d’á ḃráṫair, is san dorċadas atá sé, agus é ag siuḃal san dorċadas go dtí anois féin. 10An té ġráḋuiġeas a ḃráṫair, cóṁnuiġeann sé san tsolas agus ní ḟuil aon aḋḃar tuisliḋ ann. 11Aċt an té do‐ḃeir fuaṫ d’á ḃráṫair, atá sé san dorċadas, agus atá sé ag siuḃal san dorċadas, gan a ḟios aige cá ḃfuil a ṫriall, toisc a ṡúile ḃeiṫ dallta ag an dorċadas.
12Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil ḃur bpeacaiḋe maiṫte ḋaoiḃ ar son a ainme‐sean. 13Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a aiṫreaċa, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an té atá ann ó ṫús. Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ḟeara óga, de ḃriġ go ḃfuil buaiḋte agaiḃ ar an ainspioraid. Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an Aṫair. 14Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a aiṫreaċa, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an té atá ann ó ṫús. Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a ḟeara óga, de ḃriġ go ḃfuil siḃ tréan, agus go gcóṁnuiġeann briaṫar Dé ionnaiḃ, agus go ḃfuil buaiḋte agaiḃ ar an ainspioraid. 15Ná taḃraiḋ gráḋ do’n tsaoġal ná do na neiṫiḃ atá san tsaoġal. Má ḃeireann aoinneaċ gráḋ do’n tsaoġal, ní ḟuil gráḋ an Aṫar ann. 16Óir gaċ a ḃfuil san tsaoġal, ainṁian na feola, ainṁian na súl agus uaḃar an tsaoġail seo ní ó’n Aṫair atá siad, aċt ó’n saoġal. 17Agus atá an saoġal agus a ċuid sainnte ag imṫeaċt: aċt an té do‐ġní toil Dé fanann seisean go síorraiḋe.
18A ċlann ḃeag, atá an uair ḋeiriḋ ann: agus mar ċualaḃar go ḃfuil ainċríost le teaċt, atá á lán ainċríost ann ċeana féin; air so aiṫniġmíḋ go ḃfuil an uair ḋeiriḋ ann. 19Do ċuadar amaċ as ár measc, aċt níor ḋaoine ḋínne iad; óir dá mba daoine ḋínn iad d’ḟanfaidís i n‐éinḟeaċt linn; aċt d’imṫiġeadar ċum go mba léir naċ daoine ḋínne iad uile. 20Maidir liḃ‐se, atá ungaḋ ó’n Té Naoṁṫa agaiḃ, agus atá eolas iomlán agaiḃ. 21Níor scríoḃas ċugaiḃ de ḃriġ naċ eol daoiḃ an ḟírinne, aċt de ḃriġ gur ab eol daoiḃ í, agus de ḃriġ naċ dtig bréag ar biṫ ó’n ḃfírinne. 22Cia h‐é an bréagaire aċt an té ṡéanas gur ab é Íosa an Críost? Is é an t‐ainċríost an té ṡéanas an tAṫair agus an Mac. 23Cibé duine ṡéanas an Mac, ní ḟuil an tAṫair aige: an té adṁuiġeas an Mac, atá an tAṫair aige, leis. 24Maidir liḃ‐se, an teagasc do ċualaḃar ó ṫús, cóṁnuiġeaḋ sé ionnaiḃ. Má ċóṁnuiġeann an niḋ do ċualaḃar ó ṫús ionnaiḃ, béiḋ siḃ ’n‐ḃur gcóṁnaiḋe san Mac agus san Aṫair mar an gcéadna. 25Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ. 26Do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ i dtaoḃ na ndaoine do ṡeolfaḋ amuḋa siḃ. 27Aċt maidir liḃ féin, an t‐ungaḋ fuaraḃar uaiḋ‐sean, cóṁnuiġeann sé ionnaiḃ, agus ní gáḃaḋ go múinfeaḋ aoinneaċ siḃ; aċt fá mar ṁúineann a ungaḋ siḃ i dtaoḃ an uile niḋ, agus gur fírinne é, agus naċ bréag é; agus fá mar ṁúin sé siḃ, cóṁnuiġiḋ ann. 28Anois, a ċlann ḃeag, cóṁnuiġiḋ ann, ionnas, má foillsiġtear é, go mbéiḋ uċtaċ againn, gan náire ḃeiṫ orainn nuair ṫiocfas sé. 29Má’s eol díḃ é ḃeiṫ fíréanta, is eol daoiḃ gaċ aoinneaċ ċleaċtas fíréantaċt, gur uaiḋ‐sean do geineaḋ é.

Currently Selected:

1 Eoin 2: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in