1 Eoin 1
1
1Is é do ḃí ann ó ṫús, do ċualamar, do ċonnaic ár súile féin, ar ar ḋearcamar, agus do láiṁsiġ ár láṁa, 2i dtaoḃ Briaṫair na beaṫaḋ (is eaḋ, do foillsiġeaḋ an ḃeaṫa, agus do ċonnacamar í, agus atáimíd ag taḃairt fiaḋnaise, agus atáimíd ag fógairt na beaṫaḋ ḋaoiḃ, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ do ḃí leis an Aṫair, agus do foillsiġeaḋ ḋúinne); 3an méid do ċonnacamar agus do ċualamar, is é atá againn d’á ḟógairt daoiḃ‐se, leis, ċum go mbéiḋ cumann agaiḃ‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Aṫair atá ár gcumann, agus le n‐a Ṁac Íosa Críost: 4agus atáimíd ag seríoḃaḋ na neiṫe seo ċum go mbéiḋ lán‐ġáirdeaċas againn.
5Agus is í seo an teaċtaireaċt do ċualamar uaiḋ‐sean, agus atá againn d’á fógairt daoiḃ, gur solas Dia, agus naċ ḃfuil dorċadas ar biṫ ann. 6Má deirimíd go ḃfuil cumann againn leis, agus sinn ag siuḃal san dorċadas, is bréag do‐ġnímíd, agus ní ḟuilmíd ag déanaṁ na fírinne: 7aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn. 8Má deirimíd naċ ḃfuil aon ṗeacaḋ déanta againn, atáimíd d’ár meallaḋ féin, agus ní ḟuil an ḟírinne ionnainn. 9Má adṁuiġmíd ár bpeacaiḋe, atá seisean ċóṁ dílis, ċóṁ ceart sin agus go maiṫfiḋ sé ár bpeacaiḋe ḋúinn, agus go nglanfaiḋ sé ó gaċ neaṁ‐fíréantaċt sinn. 10Má deirimíd naċ ḃfuil peacaḋ déanta againn, bréagnuiġmíd é, agus ní ḟuil a ḃriaṫar ionnainn.
Currently Selected:
1 Eoin 1: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.