Ná taḃraiḋ gráḋ do’n tsaoġal ná do na neiṫiḃ atá san tsaoġal. Má ḃeireann aoinneaċ gráḋ do’n tsaoġal, ní ḟuil gráḋ an Aṫar ann. Óir gaċ a ḃfuil san tsaoġal, ainṁian na feola, ainṁian na súl agus uaḃar an tsaoġail seo ní ó’n Aṫair atá siad, aċt ó’n saoġal.