YouVersion Logo
Search Icon

Salm 103

103
rócaire an Tiarna
1[Salm le] Dáiví.
Beannaigh an Tiarna, a anam liom;
go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa.
2Beannaigh an Tiarna, a anam liom;
ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile.
3Maitheann sé do chionta go léir duit;
agus leigheasann sé dʼeasláintí uile.
4Fuasclaíonn sé dʼanam ón uaigh;
corónaíonn sé le buan-ghrá is le trua thú.
5Líonann sé do shaol le nithe fónta;
déantar dʼóige a ath-nuachan mar a bheadh iolar.
6Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm;
tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.
7Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois;
agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael.
8Is grámhar trócaireach é an Tiarna,
foighneach agus lán de cheansacht.
9Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh;
ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn.
10Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn;
ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.
11Óir ní airde neamh os cionn talaimh
ná a bhuan-ghrá don dream lenarb eagal é.
12Ní faide an t‑oirthear ón iarthar
ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.
13Amhail is trua leis an athair a chlann,
is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.
14Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn
agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.
15Is cosúil ré an duine le féar;
bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.
16Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe,
agus ní fios dá ionad féin é feasta.
17Ach maireann buan-ghrá an Tiarna go síoraí
don dream ar a mbíonn a eagla,
18agus a fhíréantacht do chlann a gclainne
nuair a chomh-líonann siad a chonradh go dílis,
agus go ndéanann siad de réir a thola.
19Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh;
agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní.
20Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna
a dhéanann a réir go cumasach,
agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.
21Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna,
a lucht fónaimh a dhéanann a thoil.
22Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna
i ngach uile áit dá bhfuil faoina réir.
Beannaigh an Tiarna, a anam liom.

Currently Selected:

Salm 103: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in