Salm 104
104
Moladh leis an gCruthaitheoir
1Beannaigh an Tiarna, a anam liom!
A Thiarna Dia, is rómhór tú go dearfa;
tá tú éadaithe i maorgacht agus maise;
2tá tú gléasta le solas mar le fallaing.
Leath tú na spéartha mar bhrat botha;
3thóg tú dʼáras os cionn na díleann.
Bíonn na néalta agat mar charbad
ag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe.
4Déanann tú teachtairí de na gaotha,
agus timirí den tine lasrach.
5Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn;
ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.
6Chlúdaigh tú leis an aigéan é mar le brat
ionas gur fholaigh na huiscí na sléibhte.
7Theith siad nuair a rinne tú a gcáineadh;
ghabh eagla iad roimh thorann do thoirní.
8Dʼéirigh na sléibhte agus dʼísligh na gleannta
chun an ionaid a cheap tú dóibh.
9Chuir tú teorainn leo nár chead dóibh dul thairsti,
sula bhfolaidís an talamh as úire.
10Cuireann tú toibreacha ag brúchtadh isteach sna haibhneacha;
agus sníonn siad idir na sléibhte.
11Tugann siad deoch dʼainmhithe an mhachaire;
agus múchann na hasail allta a dtart iontu.
12Cónaíonn éanlaith an aeir ar a mbruacha;
agus iad ag ceiliúradh i measc na gcraobhacha.
13Uiscíonn tú na sléibhte ó dʼáras cónaithe;
líontar an talamh de thoradh do shaothair.
14Cuireann tú an féar ag fás don bhólacht,
agus luibheanna ar mhaithe leis an duine
chun go mbaine sé arán as an talamh,
15agus fíon a chuireann áthas ar an duine,
dʼfhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola,
agus a chroí a neartú le harán.
16Tá crainn an Tiarna lán de shúlach;
na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin.
17Is iontu a dhéanann na héin a neadacha;
agus neadaíonn an chorr bhán sa chrann giúise.
18Na sléibhte is dídean do na gabhair allta;
agus bíonn na broic i bhfolach sna creaga.
19Rinne tú an ghealach chun na séasúir a fhógairt;
is eol don ghrian tráth a turnaimh.
20Leathann tú an dorchacht go mbíonn ina oíche,
agus go mbíonn ainmhithe uile na coille ar a seilg–
21Na coileáin leoin ag búiríl chun a gcreiche,
is iad ag éileamh a gcoda ar Dhia.
22Bailíonn siad leo le héirí na gréine,
go dtéann siad ina luí ina bpluaiseanna.
23Gabhann an duine amach chun a oibre
ag saothrú leis go dtí an tráthnóna.
24Nach líonmhar iad dʼoibreacha, a Thiarna!
rinne tú gach aon ní le heagna;
is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.
25Féach an fharraige is í ar leathadh go fairsing
is ag cur thar maoil le créatúir gan áireamh,
dúile beo, idir bheag agus mhór.
26Is uirthi a sheolann an loingeas;
agus an Leiviatan a rinne tú le bheith ag súgradh inti.
27Bíonn siad siúd go léir ag brath ort;
chun iad a bheathú in am trátha.
28Cruinníonn siad le chéile a dtugann tú dóibh;
leathann tú do lámh agus líontar iad.
29Má fholaíonn tú dʼaghaidh bíonn siad buartha,
má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad,
agus casann siad ar an luaithreach as úire.
30Nuair a chuireann tú do spiorad uait cruthaítear iad;
agus athnuann tú aghaidh na talún.
31Go maire glóir an Tiarna go brách!
go raibh lúcháir ar an Tiarna faoina ndearna sé!
32Le sileadh súile cuireann sé an talamh ar crith;
má leagann sé barr méire ar na sléibhte, tiocfaidh toit astu!
33Beidh mé ag canadh don Tiarna fad a mhairfidh mé;
molfaidh mé mo Dhia fad is beo dom.
34Go mba taitneamhach leis briathra mo bhéil;
is sa Tiarna a dhéanfaidh mé gairdeas.
35Go scriostar na peacaigh as an talamh;
agus go dté na hurchóidigh ar ceal.
Beannaigh an Tiarna, a anam liom. Alleluia!
Currently Selected:
Salm 104: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.