1
Salm 103:2
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Beannaigh an Tiarna, a anam liom; ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile.
Compare
Explore Salm 103:2
2
Salm 103:3-5
Maitheann sé do chionta go léir duit; agus leigheasann sé dʼeasláintí uile. Fuasclaíonn sé dʼanam ón uaigh; corónaíonn sé le buan-ghrá is le trua thú. Líonann sé do shaol le nithe fónta; déantar dʼóige a ath-nuachan mar a bheadh iolar.
Explore Salm 103:3-5
3
Salm 103:1
Beannaigh an Tiarna, a anam liom; go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa.
Explore Salm 103:1
4
Salm 103:13
Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.
Explore Salm 103:13
5
Salm 103:12
Ní faide an t‑oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.
Explore Salm 103:12
6
Salm 103:8
Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de cheansacht.
Explore Salm 103:8
7
Salm 103:10-11
Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn; ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn. Óir ní airde neamh os cionn talaimh ná a bhuan-ghrá don dream lenarb eagal é.
Explore Salm 103:10-11
8
Salm 103:19
Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh; agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní.
Explore Salm 103:19