Salm 102
102
Urnaí an Deoraí
1 Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite.
2A Thiarna, éist le mo ghuí;
agus go dtaga mo ghlór ag triall ort.
3Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna,
an uair a bhím do mo bhuaireamh.
Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort;
éist liom go luath agus freagair mé.
4Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach;
tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.
5 Tá mo chroí arna chríonadh mar fhéar;
rinne mé dearmad ar mo bhia a ithe.
6Bím ag caí agus ag gol go fuíoch;
bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann.
7Is cosúil mé le peileacán sa bhfásach,
le hulchabhán i measc na bhfothracha.
8Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh,
mar éan ar dhíon tí ina aonar.
9Bíonn mʼeascairde do mo mhaslú de shíor;
agus bíonn mʼainm ina eascaine ag mo naimhde.
10Óir ithim luaithreach mar a ithim arán;
agus meascaim mo dheoch le deora,
11de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile,
óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.
12Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh;
tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.
13Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe;
maireann dʼainm ó ghlúin go glúin.
14Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón,
óir is mithid duit trua a dhéanamh di,
toisc gur tháinig a hionú isteach.
15Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha;
agus is trua leo fiú amháin a fothracha.
16Beidh eagla ar na ciníocha roimh dʼainm, a Thiarna;
agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir.
17Nuair a athnuafaidh an Tiarna Síón,
nuair a thaispeánfaidh sé a ghlóir,
18claonfaidh sé ansin chun urnaithe na ndealbh;
agus ní eiteoidh sé a n‑achainíocha chuige.
19Scríobhtar an ní seo le haghaidh na glúine atá le teacht;
moladh pobal nár rugadh fós an Tiarna.
20“Dʼfhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde;
bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.
21i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach;
agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis”–
22Dʼfhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón,
agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,
23nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile;
chun go ndéana siad fónamh don Tiarna.
24 Dʼídigh sé mo neart sa tslí;
rinne sé mo laethanta a ghiorrú.
25 Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil,
ná sciob mé leat i lár mo laethanta,
ós tú a mhaireann go brách na breithe.”
26 Bhunaigh tú an talamh ar dtús;
is iad na flaithis saothar do lámh.
27 Rachaidh siad-san ar ceal ach mairfidh tusa;
rachaidh siad uile in aois mar bhall éadaigh.
Malartaíonn tú iad ar nós éadaigh agus athraítear iad;
28 ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.
29 Mairfidh clann do sheirbhíseach go buan;
agus beidh a sliocht i do láthair go brách.
Currently Selected:
Salm 102: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.