YouVersion Logo
Search Icon

Eabhraigh 5

5
1Gach ard-sagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí. 2Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh. 3Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní hamháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith. 4Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón. 5Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: “Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.” 6Agus in áit eile fós deir sé leis: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.” 7Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach. 8Ach bíodh gurb é Mac Dé é, dʼfhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a dʼfhulaing sé. 9Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó 10agus dʼfhógair Dia gurbh ard-sagart é ar nós Mheilcizidic.
Foláireamh
11Tá mórán le rá againn faoin ábhar seo ach beidh sé deacair dúinn é a mhíniú daoibh, mar tá sibh dallaigeanta. 12Óir, cé gur chóir daoibh a bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní bhriathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne. 13Óir, gach duine atá beo ar bhainne, ní fhaigheann sé blas ar bith ar aon teagasc domhain i dtaobh na fíréantachta mar nach bhfuil ann ach naíonán. 14Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n-aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.

Currently Selected:

Eabhraigh 5: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in