Eabhraigh 6
6
1Dá bhrí sin, fágaimis i leataobh na bunfhírinní i dtaobh Chríost. Ná tugaimis faoin mbunsraith a chur síos arís; ná déanaimis trácht ar aithrí a dhéanamh i bpeacaí marfacha, ar chreideamh i nDia, 2ar theagasc i dtaobh gnásanna níocháin, ar leagan lámh, ar an aiséirí ó mhairbh, ar an mbreithiúnas síoraí ach abraimis focal i dtaobh an teagaisc fhoirfe. 3Is ea, déanfaimid é sin, má thugann Dia cead dúinn.
4Na daoine a soilsíodh tráth agus a bhlais an tabhartas neamhaí agus a fuair a gcion féin den Spiorad Naomh 5agus a chuir eolas ar dhea-scéal Dé agus ar iontais an tsaoil atá le teacht agus 6a thit ar lár dá ainneoin sin uile, ní féidir a leithéidí siúd a thabhairt chun aithrí arís de bhrí go bhfuil siad ag céasadh Mhac Dé dá ndeoin féin uair amháin eile agus ag déanamh ceap magaidh de. 7Cuireann Dia rath ar an talamh a shúnn isteach an fhearthainn a thiteann air ó am go chéile agus a thugann barr uaidh a rachaidh i dtairbhe do na daoine a saothraítear ar a son é. 8Ach más sceacha agus feochadáin amháin a thugann sé uaidh ní fiú dada é agus is gearr uaidh mallacht Dé; dá dheasca sin dófar é ar deireadh thiar.
9Ach bíodh go labhraímid mar seo, a bhráithre ionúine, táimid cinnte de gur fearr ná sin an bhail atá oraibhse agus go bhfuil sibh ar bhealach bhur slánaithe. 10Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo dá dhéanamh agaibh fós. 11Is mian linn, áfach, go dtaispeánfaidh gach duine agaibh an díograis chéanna go dtí an deireadh nó go dtiocfaidh na nithe a bhfuil súil agaibh leo i gcríoch. 12Níor mhaith linn go n-éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n-oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh.
Gealltanas Dearfa Dé
13Nuair a thug Dia an gealltanas dʼAbrahám is air féin a dhearbhaigh sé mar ní raibh aon rud ann níos mó ná é féin a ndearbhódh sé air. 14Is é a dúirt sé: “Is iomaí beannacht a chuirfidh mé ort agus ní bheidh áireamh ar do shliocht.” 15Bhí bua na fadfhulaingthe ag Abrahám, agus mar sin de fuair sé a raibh geallta dó. 16Anois, déanann daoine dearbhú ar rud atá níos mó ná iad féin agus cuireann dearbhú daingean mar seo deireadh le gach argóint a bhíonn eatarthu. 17Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air. 18Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn. 19Is cosúil le hancaire daingean docht dár n-anam an dóchas sin. Téann sé isteach sa sanctóir atá laistigh den chuirtín 20mar a ndeachaigh Íosa isteach ina cheannródaí ar ár son nuair a rinneadh ard-sagart síoraí de ar nós Mheilcizidic.
Currently Selected:
Eabhraigh 6: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.