Eabhraigh 4
4
1Dá bhrí sin, cé go seasann an gealltanas faoi dhul isteach ina áitreabh suaimhnis go fóill, bíodh imní orainn ar eagla go measfaí go bhfuil teipthe ar aon duine agaibh é a bhaint amach. 2Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibh-sean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di. 3Ach sinne, a bhfuil an creideamh againn, táimidne ag dul isteach san áitreabh suaimhnis, faoi mar atá ráite aige: “Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i mʼáitreabh suaimhnis choíche.’” Dúirt sé é sin bíodh go raibh deireadh le hobair Dé nuair a cruthaíodh an domhan. 4Óir déanann sé tagairt don seachtú lá in áit éigin mar a leanas: “Stad Dia dá chuid oibre go léir ar an seachtú lá,” 5agus arís san abairt atá dá plé againn deir sé: “Ní rachaidh siad isteach i mʼáitreabh suaimhnis choíche.” 6Mar sin de, is léir go rachaidh roinnt éigin daoine isteach ann. Ach de bhrí nach ndeachaigh na chéad daoine ar fógraíodh an dea-scéal dóibh isteach ann de dheasca a gcuid easumhlaíochta, 7shocraigh Dia ar lá eile a bheith ina “lá inniu”, nuair a labhair sé i bhfad níos déanaí trí Dháiví na focail seo atá luaite againn thuas: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí.” 8Óir dá mba rud é gur thug Iósua suaimhneas dóibh, ní bheadh Dia ag caint faoi lá eile ina dhiaidh sin. 9Dá bhrí sin, tá suaimhneas sabóideach ag feitheamh le pobal Dé, 10óir cibé duine a théann isteach in áitreabh suaimhnis Dé stadann sé dá chuid oibre faoi mar a stad Dia dá chuid oibre féin. 11Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an tsaghais chéanna easumlaíochta.
Briathar Dé
12Óir, tá Briathar Dé beo bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí. 13Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.
Ár nArdsagart Trócaireach
14Ós rud é, mar sin, go bhfuil ard-sagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh. 15Ní hamhlaidh atá ard-sagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh. 16Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le rí-chathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimid grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.
Currently Selected:
Eabhraigh 4: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.