Óir, cé gur chóir daoibh a bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní bhriathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne. Óir, gach duine atá beo ar bhainne, ní fhaigheann sé blas ar bith ar aon teagasc domhain i dtaobh na fíréantachta mar nach bhfuil ann ach naíonán.