Eabhraigh 2
2
Críost Slánaitheoir
1Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n-imeoimis le sruth. 2Má deimhníodh an teachtaireacht sin a fógraíodh trí bhíthin aingeal agus má cuireadh pionós cuí ar gach sárú agus briseadh dá ndearnadh uirthi, 3conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhór sin de shlánú? Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é. 4Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola.
5Ní faoi smacht aingeal a chuir Dia an saol atá le teacht a bhfuilimid ag trácht air. 6Thug duine éigin dearbhú dúinn air seo áit éigin, dá rá: “Cad é an duine go mbeadh cuimhne agat air nó mac an duine go ndéanfá cúram de? 7Ar feadh tamaillín rinne tú níb uaisle ná na haingil é. Chuir tú coróin ghlóire agus onóra air 8agus chuir tú an uile ní faoina smacht.” Mar sin de, nuair a “chuir sé an uile ní faoina smacht,” níor fhág sé aon ní ann nach raibh faoina smacht. I láthair na huaire seo ní fheicfimid go fóill “go bhfuil gach ní curtha faoina smacht.” 9Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa–an té a rinneadh níb ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a dʼfhulaing sé–agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar is trí ghrásta Dé a dʼfhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.
10Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí. 11Óir is dʼaon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu, 12dá rá: “Inseoidh mé dʼainm do mo bhráithre; molfaidh mé thú i lár na comhdhála,” 13agus arís: “Is air a bheidh mo sheasamh,” agus arís eile: “Féach anseo mé agus an chlann a thug Dia dom.”
14Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin, 15agus chun a raibh faoi dhaoirse ar feadh a saoil le heagla an bháis a fhuascailt. 16Óir is cinnte nach aingil is cúram dó ach sliocht Abrahám. 17Mar sin de, níorbh fholáir dó a bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ard-sagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail. 18Agus anois ós rud é gur fhulaing sé féin nuair a cuireadh cathú air is féidir leis cabhrú leo siúd a gcuirtear cathú orthu.
Currently Selected:
Eabhraigh 2: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.