Eabhraigh 3
3
Is Uaisle É ná Maois
1Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá páirteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ard-sagart ár gcreidimh. 2Bhí sé dílis don Té a cheap é go díreach mar a bhí Maois dílis freisin i dteaghlach uile Dé. 3Ach meastar gur mó is díol gradaim é Íosa ná Maois a oiread céanna agus is mó is díol gradaim é tógálaí an tí ná an teach féin; 4níl aon teach ann, ar ndóigh, nár thóg duine éigin é ach is é Dia a rinne gach ní. 5Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí; 6bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas daingean go dtí an deireadh.
Conas a Áitreabh Suaimhnis
a Bhaint Amach
7Dá bhrí sin, mar a deir an Spiorad Naomh: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, 8ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc agus ar Lá úd na Féachála sa bhfhásach 9mar ar chuir bhur n-aithreacha féacháil agus triail orm cé go bhfaca siad mo ghníomhartha ar feadh daichead bliain. 10Sin é an fáth ar tháinig fearg orm leis an nglúin sin agus go ndúirt mé: ‘Tá croíthe guagacha ag na daoine seo i gcónaí; níor fhoghlaim siad mo bhealaí riamh.’ 11Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i mʼáitreabh suaimhnis choíche.’”
12Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh droch-chroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche. 13Gach lá, fad a bhíonn “an lá inniu” seo ann, bígí ag gríosú a chéile ar eagla go ndéanfaí aon duine agaibh a chruachan le mealltacht an pheaca. 14Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh. 15Ós rud é go ndeirtear: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc,” 16caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a dʼfhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois? 17Agus cérbh iad na daoine a raibh sé i bhfeirg leo ar feadh daichead bliain? Nárbh iad na daoine a rinne peaca agus a thit fuar marbh ina gcorpáin sa bhfhásach? 18Agus cérbh iad na daoine ar thug sé mionn dóibh nach rachaidís isteach ina áitreabh suaimhnis choíche ach na daoine a bhí easumhal dó. Feicimid, mar sin, gur de dheasca a n-easumhlaíochta nárbh fhéidir leo dul isteach ann.
Currently Selected:
Eabhraigh 3: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.