YouVersion Logo
Search Icon

Eabhraigh 1

1
Uaisleacht an Mhic
1Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe; 2ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann. 3Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda 4agus fuair sé gradam a oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t-ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n-ainm siúd.
5Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i mʼAthair aige agus beidh seisean ina Mhac agam-sa”? 6Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”
7Deir sé i dtaobh na n-aingeal: “Déanann sé gaotha dá aingil agus lasracha tine dá sheirbhísigh.” 8Ach is é a deir sé i dtaobh an Mhic: “Beidh do rí-chathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo,” agus: “Slat na córa is ea slat do réim-se; 9thug tú grá don cheart agus fuath don urchóid; dá bharr sin dʼungaigh Dia, do Dhia féin, thú thar do chompánaigh le hola an ghairdis,” 10agus: “Is tú, a Thiarna, a bhunaigh an domhan ar dtús; is iad na spéartha saothar do lámh; 11rachaidh siad-san ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca; 12fillfidh tú ar a chéile iad mar bhrat agus mar chlóca freisin déanfar iad a mhalartú; ach ní thagann athrú ort-sa in aon chor agus ní bheidh deireadh le do ré.”
13Agus cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Suigh ar mo lámh dheas go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa”? 14Nach spioraid friothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.

Currently Selected:

Eabhraigh 1: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in