Rómhánach 3
3
1Créad atá ag an lúdach san mbreis, mar sin? nó créad é an tairbhe atá san timcheall‐ghearradh? 2A lán mór ar gach slighe: i gcéadóir, gur leo‐san do taobhuigheadh briathra Dé. 3Má tá féin go raibh cuid aca dí‐chreideamhach, an bhfágfaidh a n‐easbaidh creidimh fírinne Dé gan éifeacht? 4Nár leigidh Dia sin: go n‐aithnightear Dia bheith fírinneach, acht an uile dhuine bheith bréagach; mar atá scríobhtha,
Chum go bhfoillseochaidhe thú bheith ionnraic id’ bhriathraibh,
Agus go mbuadhfá nuair béarfar breith ort.
5Acht má nochtann ár n‐éagcóir fíréantacht Dé, créad adéarfaimíd? An bhfuil Dia éagcórach, ag éirghe chum feirge dhó? (ag labhairt ar nós na ndaoine atáim). 6Nár leigidh Dia é: mar annsin cionnas bhéarfas Dia breith ar an saoghal? 7Acht má leathnuigheann fírinne Dé cum a ghlóire de bhárr mo bhréige‐se, cad chuige a dtugtar breith orm‐sa mar pheacach ’n‐a dhiaidh sin? 8Agus cad chuige dhúinn gan an t‐olc do dhéanamh chum go dtiocfadh maith as? (mar adeirtear go masluightheach ’n‐ár dtaobh, daoine áirithe g‐á rádh go n‐abraimíd é). Is ceart na daoine úd do chionntú.
9Créad é, mar sin? An bhfuil an scéal níor fearr againn ’ná tá aca‐san? Ní fhuil ar chor ar bith; mar chruthuigheamar cheana go bhfuil an uile dhuine, lúdaigh agus Gréagaigh, fá chuing an pheacaidh; 10mar tá scríobhtha,
Ní fhuil aon duine fíréanta ann, ní fhuil duine amháin;
11Ní fhuil duine tuigseanach ann,
Ní fhuil duine loirgeas Dia;
12Do chlaonadar uile, d’imthigheadar uile ó mhaith;
Ní fhuil duine do‐ghní maith ann, ní fhuil oiread agus duine:
13Is uaigh oscailte a scórnach;
Do‐rinneadar feall le n‐a dteangthachaibh:
Atá nimh nathrach fá n‐a bpusaibh:
14Atá a mbéal lán d’eascainidhe agus de shearbhas:
15Atá a gcosa go luath chum fuil do dhoirteadh;
16Atá léirscrios agus an‐shógh ’na slighthibh;
17Agus níor aithnigheadar slighe na síothchána:
18Ní fhuil eagla Dé os cómhair a súl.
19Anois, atá a fhios againn, cibé nidh adeir an dlighe, gur leis an dream atá fá’n dlighe adeir sí é; chum go ndúntar gach béal agus go dtugtar an domhan uile fá bhreitheamhnas Dé: 20óir ní fíréanóchar duine ar bith ’n‐a fhiadhnaise tré oibreachaibh dlighe: óir is tré dhlighe thagas eolas an pheacaidh. 21Acht anois, atá fíréantacht Dé do foillsigheadh taobh amuigh de’n dlighe, an dlighe agus na fáidhí mar fhiadhnaidhthibh uirthi: 22is í sin fíréantacht Dé tré chreideamh i nÍosa Críost do na daoinibh chreideas; óir níl aon idirdhealbhadh ann; 23óir do rinne an uile dhuine peacadh, agus atáid i n‐easbaidh glóire Dé; 24acht fíréanuightear iad i n‐aisce tré n‐a ghrása, tríd an bhfuascladh atá le fágháil i nÍosa Críost: 25an té do cheap Dia chum bheith ’n‐a chúiteamh tré chreideamh ’n‐a fhuil, chum a fhíréantacht d’fhoillsiú, ag déanamh neamh‐cháis de na peacaidhibh do bhí déanta roimhe sin, tré leor‐fhoighid Dé; 26chum a fhíréantacht do nochtadh san am so atá de láthair: ionnas go mbéadh sé féin fírinneach, agus go bhfíréanóchadh sé an té chreideas i nÍosa. 27Cia an t‐adhbhar maoidhmheachais atá ann, mar sin? Ní fhuil sé ceaduighthe. Ag cia an dlighe? Ag dlighe na h‐oibreach, an eadh? Ní h‐eadh, acht ag dlighe an chreidimh. 28Óir measaimíd go bhfíréanuightear an duine tré chreideamh, gan baint le h‐oibreachaibh dlighe. 29An é Dia Dia na n‐Iúdach amháin? 30nach é Dia na gCineadhach é, chomh maith? Is é, is é Dia na gCineadhach é chomh maith: má’s fíor gur ab é an t‐aon Dia amháin a fhíréanóchas lucht an timcheall‐ghearrtha tré chreideamh, agus lucht an neamh‐thimcheall‐ghearrtha tré chreideamh. 31Uime sin, an ag déanamh neamh‐nidh de’n dlighe tríd an gcreideamh atáimíd? Nár leigidh Dia é: is ag daingniú an dlighe atáimíd.
Currently Selected:
Rómhánach 3: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932