Rómhánach 2
2
1D’á bhrigh sin atáir gan leithscéal, a dhuine, cibé cia thú, do‐bheir breith: óir ag breith breithe ar dhuine eile dhuit, daorann tú thú féin; mar tusa do‐bheir breith, cleachtann tú na neithe céadna sin. 2Agus atá a fhios againn go bhfuil breitheamhnas Dé do réir na fírinne i n‐agaidh na ndaoine chleachtas neithe d’á leithéidibh. 3Agus an measann tú, a dhuine, do‐bheir breith ar an dream chleachtas a leithéidí, agus tú féin g‐á ndéanamh, go n‐éileochaidh tú ó bhreitheamhnas Dé? 4Nó an beag is fiú leat saidhbhreas a mhór‐mhaitheasa agus a fhad‐fhulaing agus a fhoighde, gan a fhios agat gur ab é maitheas Dé atá gad’ tharraing chum aithreachais? 5Acht do réir do dhúine agus do chroidhe aindiuidigh atáir ag cur feirge i dtaisce dhuit féin fá chómhair lae na dibheirge, nuair foillseochar ceart‐bhreitheamhnas Dé: 6bhearfas do gach duine do réir a ghníomhartha: 7an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh: 8acht do’n dream ata ceanndána, nach n‐umhluigheann do’n fhírinne, acht umhluigheas do’n éigceart, 9fearg agus buile, anacair agus crádh do gach anam daonna do‐ghní an t‐olc, do’n lúdach ar dtús, agus do’n Ghréagach mar an gcéadna; 10acht glóir agus onóir agus síothcháin do gach aoinneach do‐ghní an mhaith, do’n lúdach ar dtús, agus do’n Ghréagach mar an gcéadna; 11óir ní fhuil meas ag Dia ar phearsain duine seachas a chéile. 12Óir an méid daoine do rinne peacadh gan dlighe, is gan dlighe caillfear iad; agus an méid daoine do rinne peacadh, agus iad fá dhlighe, is do réir dlighe béarfar breith ortha: 13óir ní h‐iadh lucht éistighthe an dlighe atá fíréanta i bhfiadhnaise Dé, acht is iad lucht cleachtuighthe an dlighe fíréanóchar: 14óir na Cineadhaigh, nach bhfuil dlighe aca, nuair do‐ghní siad as a nádúir féin an nidh órduigheas an dlighe, gidh nach bhfuil dlighe aca féin, atáid ’n‐a ndlighe dhóibh féin: 15de chionn go nochtann siad brigh an dlighe bheith scríobhtha ar a gcroidheachaibh, a gcoinsias mar fhiadhnaidhe dhóibh, agus a smaointe g‐á gcionntú, 16nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiubhraidh Dia breith ar rúnaibh na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo shoiscéil‐se.
17Acht má tá ainm lúdaigh ort, agus má’s ar an dlighe atá do sheasamh, agus má mhaoidheann tú as Dia, 18agus má’s eol duit a thoil, agus má fhromhann tú an cúrsa is fearr, agus má fuair tú teagasc ó’n dlighe, 19agus má tá tú dearbhtha go bhfuilir féin id’ threoraidhe do lucht daille, id’ sholas do’n dream atá i ndorchadas, 20id’ oide do lucht dith‐céillidhe, id’ mhúinteoir do leanbhaibh, toisc múnla an eolais agus na fírinne bheith agat san dlighe; 21tusa mhúineas duine eile, an é nach múineann tú thú féin? tusa sheanmóireas gan goid do dhéanamh, an ndéanann tú féin goid? 22tusa adeir nach ceart do’n duine adhaltrannas do dhéanamh, an ndéanann tú féin adhaltranas? túsa go bhfuil fuath d’íodhalaibh agat, an ndéanann tú slad i dteamplaibh? 23tusa mhaoidheas as an dlighe, an dtugann tú easonóir do Dhia tré bhriseadh an dlighe? 24Óir atá ainm Dé d’á mhasladh i measc na gCineadhach mar gheall oraibh‐se, mar tá scríobhtha. 25Óir atá tairbhe san timcheall‐ghearradh má choimheádann tú an dlighe: acht má bhriseann tú an dlighe, atá do thimcheall‐ghearradh ’n‐a neamh‐thimcheall‐ghearradh agat. 26D’á bhrigh sin, má choimheádann an duine neamh‐thimcheall‐ghearrtha a bhfuil órduighthe san dlighe, nach n‐áirmhfear a neamh‐thimcheall‐ghearradh mar thimcheall‐ghearradh dhó? 27agus an té atá neamh‐thimcheall‐ghearrtha do réir nádúire, má choimheádann sé an dlighe, nach dtiubhraidh sé breitheamhnas ort‐sa bhriseas an dlighe, agus scribhinn an dlighe agus an timcheall‐ghearrtha agat? 28Óir ní fír‐lúdach an duine atá ’na lúdach ar an taobh amuigh, agus ní thimcheall‐ghearradh é sin atá ar an taobh amuigh de’n cholainn; 29acht is é an fír‐lúdach an té atá ’n‐a lúdach san taobh istigh; agus is é an fír‐thimcheall‐ghearradh timcheall‐ghearradh an chroidhe, do réir an spioraid, ní do réir na scribhinne; an té nach molann daoine é, acht go molann Dia é.
Currently Selected:
Rómhánach 2: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932