1
Rómhánach 3:23-24
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
ATN1951
óir do rinne an uile dhuine peacadh, agus atáid i n‐easbaidh glóire Dé; acht fíréanuightear iad i n‐aisce tré n‐a ghrása, tríd an bhfuascladh atá le fágháil i nÍosa Críost
Compare
Explore Rómhánach 3:23-24
2
Rómhánach 3:22
is í sin fíréantacht Dé tré chreideamh i nÍosa Críost do na daoinibh chreideas; óir níl aon idirdhealbhadh ann
Explore Rómhánach 3:22
3
Rómhánach 3:25-26
an té do cheap Dia chum bheith ’n‐a chúiteamh tré chreideamh ’n‐a fhuil, chum a fhíréantacht d’fhoillsiú, ag déanamh neamh‐cháis de na peacaidhibh do bhí déanta roimhe sin, tré leor‐fhoighid Dé; chum a fhíréantacht do nochtadh san am so atá de láthair: ionnas go mbéadh sé féin fírinneach, agus go bhfíréanóchadh sé an té chreideas i nÍosa.
Explore Rómhánach 3:25-26
4
Rómhánach 3:20
óir ní fíréanóchar duine ar bith ’n‐a fhiadhnaise tré oibreachaibh dlighe: óir is tré dhlighe thagas eolas an pheacaidh.
Explore Rómhánach 3:20
5
Rómhánach 3:10-12
mar tá scríobhtha, Ní fhuil aon duine fíréanta ann, ní fhuil duine amháin; Ní fhuil duine tuigseanach ann, Ní fhuil duine loirgeas Dia; Do chlaonadar uile, d’imthigheadar uile ó mhaith; Ní fhuil duine do‐ghní maith ann, ní fhuil oiread agus duine
Explore Rómhánach 3:10-12
6
Rómhánach 3:28
Óir measaimíd go bhfíréanuightear an duine tré chreideamh, gan baint le h‐oibreachaibh dlighe.
Explore Rómhánach 3:28
7
Rómhánach 3:4
Nár leigidh Dia sin: go n‐aithnightear Dia bheith fírinneach, acht an uile dhuine bheith bréagach; mar atá scríobhtha, Chum go bhfoillseochaidhe thú bheith ionnraic id’ bhriathraibh, Agus go mbuadhfá nuair béarfar breith ort.
Explore Rómhánach 3:4