Rómhánach 4
4
1Créad adéarfaimíd, d’á bhrigh sin a fuair Abracham, ár n‐athair do réir na feola? 2Óir má fíréanuigheadh Abracham de bhárr oibreach, atá adhbhar maoidhmheachais aige; acht ní os cómhair Dé é. 3Óir créad adeir an scrioptúir? Agus do chreid Abracham, agus do h‐áirmheadh dhó é mar fhíréantacht. 4Acht do’n té do‐ghní obair, ní mar ghrása áirmhthear luach a shaothair dhó, acht mar fhiacha. 5Acht do’n duine nach ndéanann obair, acht chreideas san té fhíréanuigheas an duine neimh‐dhiadha, áirmhthear a chreideamh‐san mar fhíréantacht. 6Amhail mar chuireann Dáibhi síos ar aoibhneas an duine d’á n‐áirmheann Dia fíréantacht taobh amuigh d’oibreachaibh,
7Is aoibhinn do na daoinibh go bhfuil a ndroch‐ghníomhartha maithte dhóibh,
Go bhfuil a bpeacaidhe foluighthe.
8Is aoibhinn do’n té nach n‐áirmheochaidh an Tighearna peacadh dhó.
9An bheannacht so, mar sin, an le h‐aghaidh luchta an timcheall‐ghearrtha atá sí, nó le h‐aghaidh na ndaoine atá gan timcheall‐ghearr adh, mar an gcéadna? óir deirimíd gur h‐áirmheadh a chreideamh d’Abracham mar fhíréantacht. 10Cionnas, d’á bhrigh sin, do h‐áirmheadh é? Nuair bhí sé timcheall‐ghearrtha, nó nuair nach raibh sé timcheall‐ghearrtha? Ní thar éis dó bheith timcheall‐ghearrtha, acht roimh thimcheall‐ghearradh dhó: 11agus fuair sé cómhartha an timcheall‐ghearrtha, séala firéantachta an chreidimh do bhí aige an tráth ’n‐a raibh sé gan timcheall‐ghearradh: chum go mbéadh sé ’n‐a athair do na daoinibh chreideas, gidh go bhfuilid gan timcheall‐ghearradh, chum go n‐áirmhfidhe fíréantacht dóibh; 12agus ’n‐a athair do lucht an timcheall‐ghearrtha, toisc nach é amháin gur timcheall‐ghearradh iad, acht go leanann siad lorg an chreidimh do bhi ag ár n‐athair Abracham an tráth ’n‐a raibh sé gan timcheall‐ghearradh. 13Óir níor thríd an dlighe tugadh an gheallamhain d’Abracham, nó d’ á shliocht, go mbéadh sé ’n‐a oidhre ar an domhan, acht tré fhíréantacht an chreidimh. 14Óir má’s iad lucht an dlighe atá ’n‐a n‐oidhribh, atá an creideamh gan éifeacht, agus atá an gheallamhain gan brigh: 15mar oibrigheann an dlighe fearg; acht an áit nach bhfuil dlighe ann, ní fhuil briseadh dlighe ann. 16D’á bhrigh sin is ó chreideamh atá an oidhreacht, chum go mbéadh sí do réir grása: chum go mbéadh an geallamhain diongbhálta do’n tsliocht uile: ní h‐é amháin do na daoinibh atá fá’n dlighe, acht do’n dream sin, leis, go bhfuil an creideamh céadna aca agus bhí ag Abracham, atá ’n‐a athair againn go léir, 17(mar atá scríobhtha, Do‐rinneas athair d’á lán cineadh dhíot), i bhfiadhnaise an té ’n‐ar chreid sé, Dia, do‐bheir beatha do na marbhaibh, agus ghlaodhas ar na neithibh nach bhfuil ann fá mar bhéadh siad ann. 18An té do chreid go dóchasach gan adhbhar dóchais go mbéadh sé ’n‐a athair d’á lán cineadh, do réir mar adubhradh, Mar sin is eadh bhéas do shliocht. 19Agus gan éirghe lag san chreideamh do bhreathnuigh sé a chorp féin do bhí leath‐mharbh (agus é tuairim céad bliadhan d’aois), 20agus broinn Shára do bhí marbhánta: mar sin féin ní raibh aon amhras air tré mhí‐chreideamh: dtaobh geallamhna Dé, acht do neartuigheadh é san chreideamh, ag tabhairt glóire do Dhia, 21agus a láin‐deimhin aige go raibh ar chumas dó a raibh geallta aige do thabhairt chum críche. 22Ar an adhbhar sin do h‐áirmheadh é mar fhíréantacht dó. 23Agus ní ar a shon féin amháin do scríobhadh gur h‐áirmheadh sin, 24acht ar ár son‐na, leis, d’á n‐áirmhfear é, má chreidimíd san té do thóg Íosa ár dTighearna ó na marbhaibh, eisean a tugadh suas i n‐éiric ár gcionnta, 25agus do tógadh suas arís le n‐ár bhfíréanú.
Currently Selected:
Rómhánach 4: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932