YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánach 12

12
1Impidhim oraibh, a bhráithre, d’á bhrigh sin, as ucht trócaire Dé, bhur gcuirp do thairgsin mar bheoíodhbairt naomhtha thaithneamhach do Dhia, mar is gníomh adhartha réasúnta agaibh é. 2Agus ná géillidh do nósaibh an tsaoghail seo: acht athruightear sibh tré athnuadhadh bhur n‐aigne, chum go bhfromhfaidh sibh toil Dé, atá maith, agus taithneamhach, agus diongbhálta. 3Óir adeirim, thríd an ngrása tugadh dhom, le gach duine ’n‐bhur measc, gan meas níos áirde ’ná ba chóir do bheith aige air féin, acht machtnamh stuamdha do déanamh, do réir mar roinn Dia ar gach duine a mhiosúr féin de chreideamh. 4Óir fá mar tá a lán ball i n‐aon chorp amháin, agus nach aon ghnó amháin a bhíos ag na ballaibh uile; 5mar sin dúinne, agus a lán againn ann, is aon chorp amháin i gCríost sinn, agus is baill d’á chéile sinn uile. 6Uime sin, ó thárla tíodhlaicthe ar leith bheith againn, de réir cuimse an ghrása tugadh dhúinn, má’s fáidheadóireacht é, déanaimís do réir ár gcreidimh í; 7nó má’s seirbhís é, cromaimís ar ár seirbhís; nó an té do‐bheir teagasc, luigheadh sé isteach ar a theagasc; 8nó an té bhrostuigheas, tabhradh sé aire d’á bhrostúghadh; an té roinneas, déanadh sé go fial é; an té riaghluigheas, déanadh sé le dúthracht é; an té do‐ghní trócaire, déanadh sé le ríméad í. 9Bíodh bhur ngrádh gan ceilg. Bíodh fuath agaibh do’n olc; claoidhidh leis an gceart. 10Le teas‐ghrádh bráthardha bíodh an‐chion agaibh ar a chéile; gach duine agaibh ag géilleadh d’á chéile i gcúrsaibh onóra; 11gan bheith fallsa i ndúthracht; bheith díoghraiseach i spiorad; ag déanamh seirbhíse do’n Tighearna; 12ag déanamh gáirdeachais i ndóchas; go foighdeach fá ghéirleanmhain; 13go seasmhach san urnaighe; ag cabhrú leis na naomhaibh ’n‐a riachtainisibh; ag cleachtadh na féile. 14Tabhraidh beannacht do na daoinibh do‐ghní géirleanmhain oraibh; tabhraidh beannacht agus ná tabhraidh mallacht. 15Déanaidh gáirdeachas leis na daoinibh do‐ghní gáirdeachas; déanaidh gol leis na daoinibh do‐ghní gol. 16Bídhidh ar aon intinn le chéile. Ná bidhidh árd‐aidhmeannach, acht déanaidh muinnteardhas leis na daoinibh atá umhal. Ná bidhidh glic ’n‐bhur dtuairim féin. 17Ná cúitighidh an t‐olc i n‐éiric an uilc le duine ar bith. Loirgidh na neithe atá uasal i bhfiadhnaise an uile dhuine. 18Má’s féidir é, san méid bhaineas libh féin, cómhnuighidh go síothchánta leis an uile dhuine. 19Ná h‐agraidh díoghaltas, a cháirde ionmhaine, acht leigidh d’fheirg Dé: óir, atá scríobhtha, Is liom‐sa an díoghaltas; is mise chúiteochas, adeir an Tighearna. 20Acht má bhíonn ocras ar do námhaid, tabhair nidh le n’ithe dhó; má bhíonn tart air, tabhair deoch le n’ól dó: g‐á dhéanamh sin duit, béidh tú ag carnadh gríosaighe ar a cheann. 21Ná leig do’n olc buaidh do bhreith ort, acht beir‐se buaidh ar an olc le maitheas.

Currently Selected:

Rómhánach 12: ATN1951

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in