1
Rómhánach 12:2
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
ATN1951
Agus ná géillidh do nósaibh an tsaoghail seo: acht athruightear sibh tré athnuadhadh bhur n‐aigne, chum go bhfromhfaidh sibh toil Dé, atá maith, agus taithneamhach, agus diongbhálta.
Compare
Explore Rómhánach 12:2
2
Rómhánach 12:1
Impidhim oraibh, a bhráithre, d’á bhrigh sin, as ucht trócaire Dé, bhur gcuirp do thairgsin mar bheoíodhbairt naomhtha thaithneamhach do Dhia, mar is gníomh adhartha réasúnta agaibh é.
Explore Rómhánach 12:1
3
Rómhánach 12:12
ag déanamh gáirdeachais i ndóchas; go foighdeach fá ghéirleanmhain
Explore Rómhánach 12:12
4
Rómhánach 12:21
Ná leig do’n olc buaidh do bhreith ort, acht beir‐se buaidh ar an olc le maitheas.
Explore Rómhánach 12:21
5
Rómhánach 12:10
Le teas‐ghrádh bráthardha bíodh an‐chion agaibh ar a chéile; gach duine agaibh ag géilleadh d’á chéile i gcúrsaibh onóra
Explore Rómhánach 12:10
6
Rómhánach 12:9
Bíodh bhur ngrádh gan ceilg. Bíodh fuath agaibh do’n olc; claoidhidh leis an gceart.
Explore Rómhánach 12:9
7
Rómhánach 12:18
Má’s féidir é, san méid bhaineas libh féin, cómhnuighidh go síothchánta leis an uile dhuine.
Explore Rómhánach 12:18
8
Rómhánach 12:19
Ná h‐agraidh díoghaltas, a cháirde ionmhaine, acht leigidh d’fheirg Dé: óir, atá scríobhtha, Is liom‐sa an díoghaltas; is mise chúiteochas, adeir an Tighearna.
Explore Rómhánach 12:19
9
Rómhánach 12:11
gan bheith fallsa i ndúthracht; bheith díoghraiseach i spiorad; ag déanamh seirbhíse do’n Tighearna
Explore Rómhánach 12:11
10
Rómhánach 12:3
Óir adeirim, thríd an ngrása tugadh dhom, le gach duine ’n‐bhur measc, gan meas níos áirde ’ná ba chóir do bheith aige air féin, acht machtnamh stuamdha do déanamh, do réir mar roinn Dia ar gach duine a mhiosúr féin de chreideamh.
Explore Rómhánach 12:3
11
Rómhánach 12:17
Ná cúitighidh an t‐olc i n‐éiric an uilc le duine ar bith. Loirgidh na neithe atá uasal i bhfiadhnaise an uile dhuine.
Explore Rómhánach 12:17
12
Rómhánach 12:16
Bídhidh ar aon intinn le chéile. Ná bidhidh árd‐aidhmeannach, acht déanaidh muinnteardhas leis na daoinibh atá umhal. Ná bidhidh glic ’n‐bhur dtuairim féin.
Explore Rómhánach 12:16
13
Rómhánach 12:20
Acht má bhíonn ocras ar do námhaid, tabhair nidh le n’ithe dhó; má bhíonn tart air, tabhair deoch le n’ól dó: g‐á dhéanamh sin duit, béidh tú ag carnadh gríosaighe ar a cheann.
Explore Rómhánach 12:20
14
Rómhánach 12:14-15
Tabhraidh beannacht do na daoinibh do‐ghní géirleanmhain oraibh; tabhraidh beannacht agus ná tabhraidh mallacht. Déanaidh gáirdeachas leis na daoinibh do‐ghní gáirdeachas; déanaidh gol leis na daoinibh do‐ghní gol.
Explore Rómhánach 12:14-15
15
Rómhánach 12:13
go seasmhach san urnaighe; ag cabhrú leis na naomhaibh ’n‐a riachtainisibh; ag cleachtadh na féile.
Explore Rómhánach 12:13
16
Rómhánach 12:4-5
Óir fá mar tá a lán ball i n‐aon chorp amháin, agus nach aon ghnó amháin a bhíos ag na ballaibh uile; mar sin dúinne, agus a lán againn ann, is aon chorp amháin i gCríost sinn, agus is baill d’á chéile sinn uile.
Explore Rómhánach 12:4-5