Rómhánach 13
13
1Bíodh gach duine umhal do lucht árd‐ughdaráis: óir ní fhuil ughdarás ann nach ó Dhia tháinig sé; agus ba é Dia do chuir ar bun iad‐san atá ann. 2D’á bhrigh sin, cibé duine chuireas i n‐aghaidh an ughdaráis, is ag cur i n‐aghaidh órduighthe Dé atá sé: agus na daoine chuireas ’n‐a aghaidh, glacfaidh siad daoradh chuca féin. 3Óir ní baoghal ar bith do lucht an déigh‐ghnímh na riaghlóirí, acht do lucht an droch‐ghnímh. Arbh mhian leat bheith gan eagla roimh an duine ughdarásach? déan an déigh‐ghníomh, agus do‐gheobhaidh tú molad d’á chionn; 4óir is seirbhíseach Dé chum do leasa é. Acht má ghníonn tú an t‐olc, bíodh eagla ort; óir ní i n‐aisce iomcharas sé an claidheamh: óir is seirbhíseach Dé é chum díoghaltas d’agairt ar an té chleachtas an t‐olc. 5Uime sin ní foláir dhuit bheith umhal, ní h‐é ar son na díbheirge amháin, acht ar son coinsiais. 6Ar an adhbhar sin is eadh íocas sibh cáineacha, óir is iad na h‐oifigí seirbhísigh Dé, agus is leis an ngnó so go díreach do‐ghní siad a ndícheall i gcómhnaidhe. 7Tabhraidh a cheart féin do’n uile dhuine: cáin do’n té d’ar dual cáin; cíos do’n té d’ar dual cíos; ómós do’n té d’ar dual ómós; ónóir do’n té d’ar dual onóir.
8Ná bíodh fiacha ag aon duine oraibh, acht amháin an grádh is ceart bheith agaibh d’á chéile: óir an té go bhfuil grádh d’á chómharsain aige, tá an dlighe cóimhlíonta aige. 9Óir na h‐aitheanta so, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid, Ná déan sainnt, agus gach aithne eile, atáid uile cómhairimhthe fá bhrigh an bhriathair seo, Grádhóchair do chómharsa mar grádhuighir thú féin. 10Ní dhéanann an grádh olc do’n chómharsain: d’á bhrigh sin is é an grádh cóimhlíonadh an dlighe.
11Agus is eol daoibh an aimsear atá ann fá láthair, gur mithid dúinn dúiseacht ó’n suan: óir atá an slánughadh níos giorra dhúinn ’ná bhí nuair chreideamar ar dtús. 12Atá an oidhche imthighthe, nach mór, atá an lá chugainn: cuirimís dínn gníomhartha an dorchadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais. 13Siubhlaimís go cneasta mar bhéadh an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainmhiantaibh, ná le bruighin agus le formad. 14Acht cuiridh umaibh an Tighearna Íosa Críost, agus ná sanntuighidh mianta na colna, chum go ngéillfeadh sibh dóibh.
Currently Selected:
Rómhánach 13: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932