YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánach 11

11
1Adeirim d’á bhrigh sin, Ar dhiúltuigh Dia d’á phobal? Nár leigidh Dia é. Óir is Israelíteach mé féin, duine de shliocht Abrachaim, de threibh Bheniamín. 2Níor dhiúltuigh Dia d’á phobal d’aithin sé roimh ré. Nach eol daoibh briathra na Scrioptúra, mar tráchtar ar Élias? cionnas mar phléidh sé le Dia i n‐aghaidh Israel, 3A Thighearna, atá t’fháidhí marbhtha aca, atá t’altóra leagtha aca: agus ní fhuil fágtha acht mise im’ aonar, agus táid ag sanntú m’anma. 4Acht cia an freagra thug Diá air? D’fhágas seacht míle fear agam féin go fóill, fir nár lúb glún roimh Bháal. 5Ar an gcuma chéadna sin, san am atá de láthair, atá fuighleach fágtha do toghadh tré ghrása. 6Agus má’s tré ghrása é, ní tré oibreachaibh é a thuilleadh: nó ní bhéidh grása ’n‐a ghrása ’n‐a dhiaidh sin. 7Créad eile? An nidh go bhfuil Israel ar a lorg, ní bhfuair sé é; acht fuair siad‐san do toghadh é, agus do cruaidheadh an chuid eile aca: 8mar tá scríobhtha, Thug Dia spiorad trom‐shuain dóibh, súile gan radharc, agus cluasa gan éisteacht, go dti an lá so. 9Agus adeir Dáibhí,
Go ndéantar dol, agus gaiste d’á mbórd,
Agus ceap tuislidh, agus díoghaltas dóibh:
10Go ndalltar a súile, chum nach bhfeicidh siad,
Agus cuir a ndromanna ar crom i gcómhnaidhe.
11Adeirim, mar sin, Ar baineadh tuisleadh asta chum go dtuitfidís? Nár leigidh Dia é: acht de bhárr a dtuitme is eadh tháinig slánughadh chum na gCineadhach, chum Israel do ghríosadh chum éada. 12Agus má’s saidhbhreas do’n tsaoghal a dtuitim‐sean ar gcúl, agus má’s é saidhbhreas na gCineadhach a laghdú‐san, nach móide go mór é a dteacht i gcrích? 13Óir is libh‐se, a Chineadhacha, atáim ag labhairt, san méid gur mise abstal na gCineadhach, móruighim m’oifig: 14d’fhéachain, má’s féidir dhom, ar chor ar bith, mo bhráithre do réir feola do bhrostú chum éada, agus cuid aca do shlánú. 15Óir má’s é réidhteach an tsaoghail tháinig as diúltadh dhóibh, créad bhéas ann, má glactar leo athuair, acht beatha ó na marbhaibh? 16Agus má tá an chéad chuid (de’n taois) naomhtha, atá an cnap uile naomhtha, agus má tá an fhréamh naomhtha, atá na géaga naomhtha mar an gcéadna. 17Acht má tá cuid de na géagaibh briste, agus gur nóduigheadh thusa ’n‐a measc, ar mbeith dhuit id’ ola‐chrann fiadhain, rann‐pháirteach leo i bhfréimh agus i sugh an ola‐chrainn: 18ná déan maoidhmheachas i n‐aghaidh na ngéag. Acht má ghníonn tú maoidhmheachas, ní tusa atá mar thaca leis an bhfréimh, acht is í an fhréamh atá mar thaca leat‐sa. 19Adéarfaidh tú annsin, Do briseadh na géaga chum go nódóchaidhe mise isteach. 20Is fíor sin: acht is de dheascaibh mí‐chreidimh do briseadh iad de, agus is tré chreideamh sheasas tusa. Ná bí mór‐dhálach, acht bíodh eagla ort: 21óir munar spáráil Dia na géaga dúthchasacha, ní móide go spáráilfidh sé thusa. 22Féach anois maitheas agus buirbe Dé; a bhuirbe do na daoinibh do thuit; acht a mhaitheas duit‐se, má chlaoidheann tú le n‐a mhaitheas: muna gclaoidheann, gearrfar thú dhe, mar an gcéadna. 23Agus nódóchar iad‐san isteach, leis, muna gclaoidhid le mí‐chreideamh: óir atá ar chumas Dé iad do nódú isteach athuair. 24Óir má gearradh thú d’ola‐chrann atá fiadhain de réir dúthchais, agus má nóduigheadh thú, i n‐aghaidh dúthchais, i n‐ola‐chrann maith; nach mó ’ná sin go mór nódóchar iad‐san, géaga dúthchasacha, ’n‐a n‐ola‐chrann féin?
25Óir níorbh áil liom, a bhráithre, gan fios na rúindiamhaire seo bheith agaibh, ar eagla go n‐éireochadh sibh glic ’n‐bhur saobh‐thuairim féin, is é sin go bhfuil cruadhadh tagtha ar chuid de mhuinntir Israel, nó go dtagaidh an t‐iomlán de na Cineadhachaibh isteach; 26ar chuma go slánóchar Israel ar fad: de réir mar tá scríobhtha,
Tiocfaidh as Síon an Fuascaltóir:
Tionntóchaidh sé neimhdhiadhacht ó Iácób:
27Agus is é seo mo thiomna dhóibh,
Nuair ghlanfad a bpeacaidhe dhíobh.
28I dtaobh an tsoiscéil, atáid‐sean ’n‐a náimhdibh ar bhur son‐sa: acht i dtaobh an togha, atá grádh ag dul dóibh ar son na sinnsear. 29Óir ní théigheann Dia siar ar a bhronntanaisibh agus ar a ghairm. 30Mar an gcéadna bhí sibh‐se easumhal do Dhia roimhe seo, acht fuair sibh trócaire anois tré n‐a n‐easumhlacht‐san, 31mar an gcéadna bhíodar‐san easumhal, chum go bhfaighdís trócaire de bhárr na trócaire tugadh dhaoibh‐se. 32Óir do chuir Dia an uile dhuine i nglasaibh an mhí‐chreidimh, chum go ndéanfadh sé trócaire ar an uile dhuine.
33Ó nach doimhin é saidhbhreas eagna agus eolais Dé! nach do‐rannsuighthe iad a bhreitheamhnachais, nach do‐lorgtha iad a shlighthe! 34Cia h‐é go raibh eolas eagna an Tighearna aige? nó cia h‐é do bhí ’n‐a chómhairleoir aige? 35Nó cia h‐é thug nidh ar dtús dó, agus go bhfaighidh sé cúiteamh d’á bhárr? 36Óir is uaidh‐sean, agus is thríd‐sean atá an uile nidh ann. Aige‐sean go raibh an ghlóir go síorraidhe. Amen.

Currently Selected:

Rómhánach 11: ATN1951

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in