Rómhánach 10
10
1A bhráithre, is é rogha mo chroidhe, agus is é mo ghuidhe chum Dé ar a son‐san go slánóchar iad. 2Óir do‐bheirim m’fhiadhnaise ’n‐a dtaobh go bhfuil díoghrais chum Dé aca, acht nach do réir eolais í. 3Óir, ar mbeith gan eolas ar fhíréantacht Dé dhóibh, agus iad d’iarraidh a bhfíréantacht féin do bhunadh, níor umhluigheadar d’fhíréantacht Dé. 4Óir is é Críost foircheann na dlighe chum an uile dhuine chreideas d’fhíréanú. 5Mar scríobhann Maois ar an bhfíréantacht thig ó’n dlighe, An té chleachtas na neithe sin, go mairfidh sé d’á mbárr. 6Acht is mar so labhras an fhíréantacht thig ó chreideamh, Ná h‐abair id’ chroidhe, Cia rachfas suas ar neamh? (is ionann sin agus Críost do thabhairt anuas); 7nó, cia rachfas síos san aibhéis? (is ionann sin agus Críost do thabhairt aníos ó na marbhaibh). 8Acht créad adeir sí? Atá an briathar i ngar duit, id’ bhéal agus id’ chroidhe: 9is é sin briathar an chreidimh fhógraimíd‐ne: má admhuigheann tú led’ bhéal gur Tighearna Íosa, agus má chreideann tú id’ chroidhe gur thóg Dia ó na marbhaibh é, go slánóchar thú: 10óir is leis an gcroidhe chreideas an duine chum fíréantachta; agus is leis an mbéal do‐ghní sé admháil chum slánuighthe. 11Óir adeir an scrioptúir, Cibé chreideas ann, ní náireochar é. 12Óir ní fhuil deifir ar bith idir an Iúdach agus an Gréagach: mar is ionann Tighearna do’n uile dhuine, agus atá saidhbhreas aige do gach duine ghlaodhas air: 13óir cibé duine ghlaodhas ar ainm an Tighearna, slánóchar é. 14Acht cionnas ghlaodhfas siad ar an té nár chreideadar ann? agus cionnas chreidfeas siad san té nár airigheadar? agus cionnas aireochas siad gan seanmóiridhe? 15agus cionnas dhéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad chuige? mar atá scríobhtha, Nach áluinn iad cosa na ndaoine do‐bheir deagh‐scéala áthais!
16Acht níor éist an uile dhuine leis na deagh‐scéalaibh. Mar adeir Ésáias, A Thighearna, cia chreid ár dtuairisc? 17Uime sin, is tré éisteacht thig creideamh, agus is tré bhriathar Chriost thig éisteacht. 18Acht fiafruighim‐se, Nár airigheadar? D’airigheadar cinnte,
Do leath a nglór ar fud an domhain uile,
Agus a mbriathra go foircheann an domhain.
19Acht fiarfuighim, Nár thuig Israel? Ar dtús is é adeir Maois,
Cuirfead éad oraibh chum náisiúin nach bhfuil ’n‐a náisiún,
Cuirfead fearg oraibh le náisiún gan chéill.
20Agus éirigheann Ésáias an‐dána, g‐á rádh,
Daoine nár loirg mé, fuaradar‐san mé;
Do’n dream nach raibh gam’ lorg, d’fhoillsigheas mé féin.
21Acht is dtaobh Israel is é adeir sé,
Do shíneas mo lámha amach ar feadh an lae uile,
Chum pobail easumhla chonspóidigh.
Currently Selected:
Rómhánach 10: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932