Acht má tá cuid de na géagaibh briste, agus gur nóduigheadh thusa ’n‐a measc, ar mbeith dhuit id’ ola‐chrann fiadhain, rann‐pháirteach leo i bhfréimh agus i sugh an ola‐chrainn: ná déan maoidhmheachas i n‐aghaidh na ngéag. Acht má ghníonn tú maoidhmheachas, ní tusa atá mar thaca leis an bhfréimh, acht is í an fhréamh atá mar thaca leat‐sa.