Gníoṁarṫa 12

12
Caibidil XII
Foiréigniuġaḋ, 21 úaḃar, 23 agus bás ġraineaṁla Iorúaiṫ, dar cóṁainm Agrippa.
1Agus fá namsin do ṡín Ioruáiḋ an ríġ láṁa do ḋéanaṁ uilc do ḋruing áiriġe don neagluis. 2Agus do ṁarḃ sé Séumus, dearḃráṫair Eóin, lé cloiḋeaṁ. 3Agus ar ḃfaicsin dó gur ṫaitin sin ris na Iúdaiġiḃ, do ċuir sé roiṁe Peadar do ġaḃáil mar an gcéudna. Aċd do ḃádar láeṫe a naráin gan laiḃín ann. 4Agus ar na ġaḃáil dó, do ċuir sé a bpriosún é, ar na ṫaḃairt dá ċoiṁéud do ċeiṫre ċoíriġṫiḃ do ṡaiġdiúiriḃ; ar mbeiṫ fonn ṁar ḋó ar a ṫaḃairt amaċ ċum an ṗóbail a ndiáiġ ná Cásg. 5Uime sin do coiṁéudaḋ Peadar a bpriosún: agus do rinne a neagluis úrnaiġe go dúṫraċdaċ ċum Dé ar a ṡon.
6Agus ar mbeiṫ Dioruáiḋ ar tí a ṫaḃairt amaċ, sa noiḋċe sin féin do ċodail Peadar eidir ḋís saiġdíuir, ar na ċeangal ré ḋá ṡláḃraḋ: agus do ḃádar an luċd coiṁéuda ag coiṁéud an ṗriosúin ag an dorus. 7Agus féuċ, do ṡeas aingeal an Tiġearna a laṫair, agus do ḋealruiḋ solus sa tíġ: agus ar mbúalaḋ Ṗeadar ann a ṫáoḃ, do ṫog sé súas é, ag ráḋ, Eiríḋ go lúaṫ. Agus do ṫuiteadar na slaḃraiḋe ḋá láṁaiḃ. 8Agus a duḃairt an taingeal ris, Cuir do ċrios ṫort, agus ceangail ort do ḃróga. Agus do rinne sé mar sin. Agus a duḃairt sé ris, Cuir do ḃrat iomad, agus lean misi. 9Agus ar nimṫeaċd amaċ do Ṗeadar, do lean sé é, agus ní raiḃ a ḟios aige gur ḃfíor a ní do rinneaḋ trés a naingeal; aċd do ṡaóil sé gur taiḋḃse do ċunnairc sé.
10Agus a nimṫeaċd dóiḃ tré san gcéud ḟaire agus tré san dara faire, tangadar ċum an ġéata íarainn, ṫréoraiġais ċum na caiṫreaċ; noċ do osgail ḋóiḃ úaḋ féin: agus ar ndul amaċ ḋóiḃ, do ṡiuḃladar ṫríd áon sráid aṁáin; agus ar an mball do imṫiġ an taingeal úaḋ. 11Agus ar dteaċd do Ṗeadar ċuige féin, a duḃairt sé, A nois atá a ḟios agum go dearḃṫa, gur ċuir an Tiġearna a aingeal úaḋ, agus gur ṡáor sé mé ó laiṁ Iorúaiḋ, agus ó uile ċoiṁéud an ṗobail Iúdaiġe.
12Agus ar mbreaṫnuġaḋ an neiṫese ḋó, ṫáinic sé go tiġ Ṁuire maṫair Eóin, dar coṁainm Marcus; áit a raḃadar mórán cruinn a ḃfoċair a ċéile, agus ag déunaṁ úrnaiġe. 13Agus ar mbúalaḋ ḋorais an ṗóirse do Ṗeadar, ṫáinic cailín ċuige dár ḃainm Rhóda, déisdeaċd ris. 14Agus ar naiṫne ġoṫa Ṗeadair ḋi, tré ġáirdeaċus níor osgail sí an dorus, aċd ag rioṫ ḋi a steaċ, dinnis sí go raiḃ Peadar na ṡeasaṁ sa ṗóirse. 15Aċd a duḃradarsan ría, Atá tú ar míċéill. Giḋeaḋ do ḃí sisi ag dearḃuġaḋ go raiḃ sé aṁluiḋ. Aċd a duḃradarsan, A sé a aingeal atá ann. 16Agus do lean Peadar dá ḃeiṫ ag búalaḋ an doraís: agus ar nosglaḋ ḋóiḃsion, do ċunncadar é, agus do ġaḃ úaṫḃás íad. 17Agus ar sméideaḋ a láiṁe ḋósan orṫa, ċum ḃeiṫ na dtoċd, dfoillsiġ sé ḋóiḃ cionnus tug an Tiġearna amaċ é as an bpríosun. Agus a duḃairt sé, Innisiġ na neiṫeise do Ṡéumus, agus do na dearḃráiṫreaċaiḃ. Agus ar nimṫeaċd as sin dó, do ċuáiḋ sé go háit eile.
18Agus ar néiriġe don lá, déiriḋ buáiḋirt nar ḃeag a measg na saiġdíuir, a dtimċeall créd ṫárla do Ṗeadar. 19Agus ar ná íarraiḋ Dioruáiḋ, agus náċ ḃfuáir, ar cceasduġaḋ an luċd coiṁéuda ḋó, dáiṫin sé a mbreiṫ amaċ ċum pionúis. Agus ar ndul siós dó ó ṫír Iúdaiġe go Séasáréa, do ċoṁnaiġ sé ann sinn.
20Do ḃí Ioruáiḋ an tan sin ro ḋíomġaċ do luċd Ṫíruis agus Ṡídoin: aċd tangadarsan dáontoil ċuige, agus, ar dtaḃairt Ḃlastuis eaḋon séomradóir an rí ar a dtoil, díarradar síoċáin; do ḃríġ go raiḃ a ttír ḋá coṫuġaḋ tré ṫír an rí. 21Agus an lá orduiġe airiġe ar mbeiṫ Dioruáiḋ, ar na éuduġaḋ a néudaċ ríoġa, agus na ṡuíḋe sa gcaṫaóir ḃreiṫeaṁnais, do rinne sé óraid ḋóiḃ. 22Agus do ġáireadar an pobal, Gúṫ Dé so, agus ní gúṫ duine. 23Agus a nuáirsin féin do ḃuáil aingeal an Tiġearna é, do ḃríġ naċ ttug sé glóir do Ḋía: agus ar na iṫe do ṗíasdaiḃ, do ċuáiḋ a spiorad as.
24Agus do ḟás bríaṫar Dé agus do méudaiġeaḋ í. 25Agus do ḟill Barnabas agus Saul ó Ierusalem, ar gcoiṁlíonaḋ a miniosdralaċda, ar mbeiṫ fós Eóin ríu, dar coṁainm Marcus.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Gníoṁarṫa 12: BedellG

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល