Gníoṁarṫa 11

11
Caibidil XI
Peadar ag seasṁaḋ cúis na Ccineaḋaċ 28 do ṫairrgir Agabus ioma ġorta ré teaċd.
1Agus do ċúaladar na habsdail agus na dearḃraiṫreaċa do ḃí a ttir Iúdaiġe, gur ġaḃadar na Cineaḋaċa mar an gcéudna bríaṫar Dé ċuca. 2Agus ar ndul do Ṗeadar súas go Híarusalém, an drung do ḃí don timċeallġearraḋ do ḃádar ag connspóid ris, 3Ag ráḋ, Do ċuáiḋ tú a sdeaċ gus an muinntir ar náċ ráiḃ an timċeallġearraḋ, agus do ċaiṫ tú bíaḋ maráon ríu. 4Agus ar dtionnsgnaṁ do Ṗeadar, dfoillsiġ sé án tiomlán a nordúġaḋ ḋóiḃ, ag ráḋ, 5Do ḃí mé a gcaṫair Ioppá déunaṁ úrnaiġe: agus do ċonnairc mé an táiḋḃsesi a néull, Soiṫeaċ áiriġe ag teaċd a núas, aṁáil ḃraitlin ṁóir, do ligeaḋ a núas ó neaṁ ar a ċeiṫre ḃeannaiḃ; agus táinic sé ċugam: 6Ar ḃféaċain daṁ go géar air, tug mé dom aire, agus do ċonnairc mé beaṫaiḋ ċeaṫairċosaċ na talṁan, agus beaṫaiḋ allta, agus na píasda, ṡnáṁus an talaṁ, agus éunlaiṫ a naiéir. 7Agus do ċúalaiḋ mé gúṫ ag ráḋ riom, Eiriḋ, a Ṗeadair; marḃ agus iṫ. 8Aċd a duḃairt misi, Ní heaḋ, a Ṫiġearna: óir ní ḋeaċaiḋ éain ni coítċean nó neaṁġlan am ḃéul a steaċ ríaṁ. 9Agus do ḟreagair an gúṫ mé an dara huáir ó neaṁ, Na neiṫe do rinne Día glan, ná déunsa neaṁġlan íad: 10Agus do rinneaḋ so fo ṫrí: agus a rís do tógaḋ súas íad go huiliḋe air neaṁ. 11Agus, féuċ, tangadar tríur fear an tan sin don tiġ ann a raiḃ mé, do cuireaḋ ó Ṡéasáréa ċugam. 12Agus a duḃairt an Spiorad ríom dul ríu, gan aṁarus ar bíṫ do ḃeiṫ oram. Agus tangadar na sé dearḃráiṫreaċasa maráon riom, agus do ċúamar a steaċ go tiġ a nfir sin: 13Agus do ḟoillsiġ sé ḋúinn cionnus do ċunnairc sé aingeal ann a ṫiġ, na ṡeasaṁ agus ag ráḋ ris, Cuir fir go Ioppa, agus cuir fios ar Ṡiomón, dar ab coṁainm Peadar; 14Noċ láiḃéorus bríaṫra riot, ré a slaineóċar ṫú féin agus do ṫiġ uile. 15Agus an tan do ṫionnsgain mé laḃairt, do ṫuirrling an Spiorad Náoṁ órṫa súd, aṁail mar do ṫuirrling sé óirine ar tús. 16Do ċúiṁniġ misi an tan sin ar ḃréiṫir an Tiġearna, mar a duḃairt sé, Do ḃaisd Eóin lé huisge; aċd baisdfiġṫear siḃsi ris an Spiorad Náoṁ. 17Uime sin má ṫug Día ḋóiḃsion an tioḋlacaḋ céudna ṫug sé ḋúinne, an tan do ċreideamar sa Ttiġearna Iósa Críosd; cía hé misi, do ḟéudfaḋ toirmeasg do ċur ar Ḋía? 18Agus ar gclós na neiṫeannsa ḋóiḃsion, do ṫoċdadar, agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Uime sin ṫug Día aiṫriġe do na Cineaḋaċaiḃ fós ċum beaṫa.
19Tuilleaḋ eile an dream do ḃí ar na sgaraḋ trés an mbuáiḋirt do éiriḋ ar son Steaṗáin do ṡiuḃladar go Ṗenícia, agus go Cíprus, agus go Hantíoċía, gan an ḃriaṫar do laḃairt ré héinneaċ aċd ris na Iúdaiġiḃ aṁáin. 20Agus do ḃádar cuid ḋíoḃ ó Ċíprus agus ó Ċiréne, noċ ar ndul a steaċ ḋóiḃ go Hantíoċoa, do laḃair ris na Gréugaċaiḃ, agus do ṡéanmóir an Tiġearna Iósa. 21Agus do ḃí láṁ an Tiġearna maill ríu: agus do ċreid úiḃir ṁór, agus dfilleadar ċum an Tiġearna.
22Agus táinic na sgéulasa go clúasaiḃ na heagluise do ḃí a Niarusalém: agus do ċuireadar Barnabas uaṫa, go Hantíoċia. 23Agus ar dteaċd ḋó, agus ar ḃfaicsin ġrása Dé, do ġaḃ gáirdeaċus é, agus do ṫeaguisg sé íad uile, fá anṁuin a ḃfoċair an Tiġearna ré rún croiḋe. 24Oír do ḃí sé na ḋuine ṁaiṫ, agus lán don Spiorad Náoṁ agus do ċreideaṁ: agus do ċuireaḋ ris an Dtiġearna buiḋean ṁór. 25Do imṫiġ Barnabas an tan sin go Tarsus, díarraiḋ Ṡáuil: 26Agus ar na ḟaġail do, rug sé ris é go Hantíoċia. Agus tárlá, go raḃadar ag gnáṫuġaḋ a ċeil feaḋ blíaḋna sa neagluís, agus gur teaguisgeaḋ léo iomad do ḋaoiniḃ, ionnus gur ab a Nantíoċia do goireaḋ ar tus Críosduiġṫe do na deiscioblaiḃ.
27Agus ann sna láeṫiḃ sin tangadar fáiḋe ó Iérusalém go Hantíoċia. 28Agus ar néirġe súas do neaċ aca dar ḃainm Agabus, dfoillsiġ sé trés an spiorad go mbíaḋ gorta ṁór feaḋ na talṁan uile: noċ ṫárla mar an gcéudna a láeṫiḃ Ċláudius Séasar. 29Ann sin do ċuir gaċ áon do na deiscioblaiḃ roime, congnaṁ do ċur do réir a acfuinne, ċum na ndearḃráiṫreaċ dáitriġ a ttír Iúdaiġe: 30Agus do rinneadar sin, agus do ċuireadar é ċun na sinsear tré láiṁ Ḃarnabais, agus Ṡáuil.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Gníoṁarṫa 11: BedellG

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល