Lúcás 6
6
CAIBIDIOL VI.
Críost ag gaḃáil leaṫsgéil a ḋeisgiobol. Leiġeas d’á ḋéanaṁ aige lá na sabbóide. An dáréag dá dtoġaḋ aige agus seanmóin aige á ṫaḃairt dóiḃ.
1Agus do ṫárla go raiḃ sé ag gaḃáil tré ġortaiḃ arḃair an tarna céad-ṡabbóid, agus go raiḃ na deisgiobuil ag staṫaḋ na ndias agus ’ġá gcimilt idir a mbasaiḃ agus ’ġá n-iṫe.#6:1 Ver. 1. an tarna céad-ṡabbóid. — Deir drong, gur b’í Sabbóid na Cínncíse a cialluíġtear anso, mar gur ḃí sin an tarna féile ṁór do réir úird; deir drong eile go gcialluiġtear ann an tsabbóid a ṫagann i ndiaiḋ aon ḟéile ṡolmanta. 2Agus duḃairt cuid de sna Fairisíniġ leó: Cad ċuige ḋaoiḃ níḋ náċ dleaġṫaċ a ḋéanaṁ sa tsabbóid? 3Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leó: An aṁlaiḋ nár léiġeaḃair an níḋ a ḋein Dáiḃid nuair a ḃí an t-ocras air féin agus ar an muintir a ḃí i n’ḟoċair? 4#1 Ríġ. 21:6.Conus mar a ċuaid sé isteaċ i dtiġ Dé agus ṫóg sé na bulóga fiaḋnaise agus d’iṫ, agus ṫug sé do’n muintir a ḃí i n’ḟoċair, agus ní dleaġṫaċ d’aoinne iad a d’iṫe #Exod. 29:32; Leḃit. 24:9.aċ do sna sagairt? 5Agus duḃairt sé leó: Is tiġearna Mac an Duine os cionn na sabbóide féin.
6Agus do ṫárla, lá eile sabbóide, go ndeaġaiḋ sé isteaċ sa tsinagóig agus go raiḃ sé ag teagasg; agus ḃí duine ann agus ḃí a láṁ ḋeas seirgṫe. 7Agus ḃí na Ṡgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ag faire air féaċaint a’ ndéanfaḋ sé an leiġeas lá na sabbóide, agus go mbeaḋ níḋ acu le cur ’n-a leiṫ. 8Aċ ḃí ḟios a smuínte aige, agus duḃairt sé leis an nduine n-a raiḃ an láṁ ṡeirgṫe aige: Eiriġ, agus seasaiṁ i lár baill. Agus d’eiriġ agus do ṡeasaiṁ. 9Agus duḃairt Íosa leó-san: Cuirim an ċeist seo ċúġaiḃ, cé ’cu is cóir maiṫ a ḋéanaṁ nó olc a ḋéanaṁ sa tsabbóid, anam do ṡaoraḋ nó é ṁilleaḋ? 10Agus d’ḟéaċ sé orṫa sa tímpal, agus duḃairt leis an nduine: Sín amaċ do láṁ. Do ṡín; agus ḃí sí slán aige. 11Agus ḃíodar-san lán de ṁí-ċiall, agus ḃíodar ag caint eatarṫa féin féaċaint cad a ḋéanfaidís le h-Íosa.
12Agus do ṫárla ins na laeṫanta san go ndeaġaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, agus go dtug sé an oiḋċe ag guiḋe ċun Dé. 13Agus nuair a ṫáinig an lá do ġlaoiḋ sé ċuige a ḋeisgiobuil, agus do ṫoġ sé dáréag acu, agus ṫug sé Aspoil mar ainim orṫa san; 14Símón, ar ar ṫug sé Peadar, agus a ḋriṫáir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus, 15Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alṗéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés, 16Agus Iúdás driṫáir Iacóib, agus Iúdás Iscariót, an fear a ḋíol é.
17Agus ṫáinig sé anuas i n-aonḟeaċt leó, agus ṡeasaiṁ sé ar áit leiḃéalta, agus cruinniú dá ḋeisgiobuil agus sluaġ ṁór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó ċríoċaiḃ Tuíre agus Sídóin cois na faraige, 18Daoine a ṫáinig ċun go n-éistfidís leis agus ċun go leiġisfí iad ó n-a ngalaraiḃ. Agus an muintir a ḃí d’á gciapaḋ ag spioraidíḃ neaṁġlana do leiġiseaḋ iad. 19Agus ḃí an tsluaġ go léir a d’iarraiḋ teangaḃáil leis, óir ḃí cóṁaċt ag dul amaċ uaiḋ a ḃí ag slánú gaċ aoinne.
20 #
Mait. 5:2. Agus tóg sé suas a ṡúile agus d’ḟéaċ sé ar a ḋeisgiobuil agus duḃairt: Is aoiḃinn daoiḃ-se a daoine atá boċt, óir is liḃ ríġeaċt Dé.
21Is aoiḃinn daoiḃ-se ar a ḃfuil an t-ocras anois, óir ġeoḃaiḋ siḃ ḃúr sáiṫ. Is aoiḃinn daoiḃ-se atá anois ag gol, óir gáirfiḋ siḃ.
22Is aoiḃinn daoiḃ-se nuair a ṫaḃarfaid na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus a ṡéanfaid siad siḃ, agus ṫaḃarfaid siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair a ċuirfid siad ḃúr n-ainim amaċ ’n-a droċ-ainim, mar ġeall ar Ṁac an Duine. 23Deiniḋ gáirdeaċas an lá san, agus mórtais: óir féaċ, is mór é ḃúr dtuarasdal ar neaṁ: óir is mar sin a ḋein a sínsear é leis na fáiḋiḃ.
24 #
Eccli. 31:8; Amos 6:1. Aċ is mairg daoiḃ-se, a ḋaoine saiḋḃre, óir tá ḃúr sólás agaiḃ.
25 #
Isáias 65:13. Is mairg daoiḃ-se atá sáiṫeaċ, óir beiḋ siḃ ocraċ. Is mairg daoiḃ-se atá anois ag gáirí, óir beiḋ siḃ ag gol agus ag caoi.
26Is mairg daoiḃ nuair a ḃeid na daoine ag beannaċtaí oraiḃ, óir sin mar a ḋeineaḋ a sínsear leis na fáiḋiḃ fallsa.
27Aċ deirim liḃ-se atá ag éisteaċt liom: #6:27 Sin rud nár h-iarraḋ a ḋéanaṁ roimis sin.Tugaiḋ gráḋ d’ḃúr naṁaid, deiniḋ maiṫ do’n ṁuintir a ṫaḃarfaiḋ fuaṫ daoiḃ. 28Tugaiḋ beannaċt do’n ṁuintir a ṫaḃarfaiḋ mallaċt daoiḃ, agus deiniḋ guiḋe ar an muintir a ḋéanfaiḋ tromaiḋeaċt oraiḃ.
29Agus an t-é a ḃuailfiḋ ṫu ar leacain leat, iompuiġ ċuige an leaca eile; agus má ḃeireann duine do ḃrat uait, leig leis do ċasóg ċóṁ maiṫ. 30Gaċ aoinne a ḋ’iarrfaiḋ rud ort, taḃair dó é; agus má ḃeireann duine do ċuid uait ná h-éiliṁ ṫar n-ais air é.
31Agus fé mar ba ṁaiṫ liḃ a ḋéanfaḋ daoine liḃ deiniḋ-se leó. 32Má ṫugann siḃ gráḋ do’n ṁuintir a ṫugann gráḋ ḋaoiḃ, cad é an buiḋeaċas is cóir a ḃeiṫ oraiḃ? Tugaid na peacaċa gráḋ do’n ṁuintir a ṫugann gráḋ ḋóiḃ. 33Agus má ḋeineann siḃ maiṫ do’n ṁuintir a ḋeineann maiṫ ḋaoiḃ, cad é an buiḋeaċas is cóir a ḃeiṫ oraiḃ? Ar ndó deinid na peacaċa an níḋ sin. 34#Deut. 15:8.Agus má ṫugann siḃ iasaċt do’n ṁuintir ó n-ar dóiġ liḃ go mbeiḋ iasaċt le fáġail agaiḃ, cad é an buiḋeaċas is cóir a ḃeiṫ oraiḃ? Óir tugaid na peacaċa iasaċtaí uaṫa do ṗeacaċaiḃ ag súil le n-a gcoṫrom a ḋ’ḟáġail ṫar n-ais. 35Aċ deiniḋ-se gráḋ ṫaḃairt d’ḃúr #6:35 Sin rud nár h-iarraḋ a ḋéanaṁ roimis sin.naṁaid; deiniḋ maiṫ, agus tugaiḋ iasaċt uaiḃ, gan súil le níḋ ḋ’á ḃárr, agus beiḋ ḃúr luaċt saoṫair líonṁar, agus beiḋ siḃ i nḃúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maiṫ do ḋaoine ná gaḃann a ḃuiḋeaċas leis, agus do ḋroċ-ḋaoine. 36Ḃíḋiḋ, d’á ḃríġ sin, atruaġaċ fé mar atá ḃúr n-Aṫair atruaġaċ.
37Ná tugaiḋ breiṫ, agus ní taḃarfar breiṫ oraiḃ; ná daoraiḋ, agus ní daorfar siḃ; maiṫiḋ, agus maiṫfar daoiḃ. 38Tugaiḋ uaiḃ, agus taḃarfar daoiḃ: tóṁas maiṫ, díngṫe, croiṫte, cruaċta, iseaḋ ċuirfid siad i nḃúr n-uċt ċúġaiḃ. Óir mar a ṫóṁaisfiḋ siḃ uaiḃ iseaḋ a tóṁasfar ċúġaiḃ ṫar n-ais.
39Agus ansan do laḃair sé soluíd leó: An féidir do ḋall dall a ġiollaċt? Ná tuitfid siad araon sa díg? 40Ní’l an deisgiobul os cionn a ṁáiġistir; tá duine go sár-ṁaiṫ má tá sé mar atá a ṁáiġistir.
41Cad uime, áṁṫaċ, go ḃfeiceann tú an dúradán i súil do ḃráṫar, agus ná tugann tú fé ndeara an tsail atá ad’ súil féin? 42Nó conus is féidir duit a ráḋ le t’ḃráṫair: A ḃráṫair, leig dom an dúradán a ḃaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ ṡúil féin? A ċluanaiḋe, bain an tsail ar dtúis as do ṡúil féin, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar.
43Óir ní’l crann fóġanta a ṫugann droċ-ṫoraḋ uaiḋ, ná droċ-ċrann a ṫugann toraḋ fóġanta uaiḋ. 44Mar aiṫniġtear gaċ crann as a ṫoraḋ. Óir ní bailiġtear fígí de sgeaċaiḃ ná caora fíneaṁna de ḋriseaċ. 45Tugann an deaġ-ḋuine an deaġ-níḋ amaċ a’ deaġ-stór a ċroiḋe féin; agus tugann an droċ-ḋuine an droċ-níḋ amaċ a’ droċ-stór a ċroiḋe; óir a’ flúirse an ċroiḋe is eaḋ do laḃrann an béal.
46Agus cad ċuige go ndeir siḃ liom-sa, #Mait. 7:21; Róṁ. 2:13; Séam. 1:22.A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, agus ná deineann siḃ an rud adeirim? 47Gaċ duine a ṫagann ċúġam-sa agus d’éisteann le m’ ċaint agus a ḋeineann d’á réir taisbeánfad daoiḃ cé leis gur cosṁail é: 48Is cosṁail é le fear a ḃí ag déanaṁ tiġe agus do róṁar sé síos go doiṁinn gur ċuir sé an ċloċ-ḃuinn ar an gcaraig; agus ṫáinig an tuile agus do buaileaḋ an tiġ sin go dian aċ níor coruiġeaḋ é, mar ḃí sé daingean ar an gcaraig. 49Aċ an t-é a ċloiseann agus ná deineann, is cosṁail é leis an ḃfear a ḋein a ṫiġ ar an gcré gan ċloiċ ḃuinn, agus gur ḃuail an tuile ’n-a ċoinniḃ, agus do ṫuit sé láiṫreaċ, agus ba ṫiubaisteaċ é tuitim an tiġe sin.
اکنون انتخاب شده:
Lúcás 6: ABNPOLG
هایلایت
به اشتراک گذاشتن
مقایسه
کپی
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
historic text maintained by the Bible Society.