Lúcás 5
5
CAIBIDIOL V.
An tógáilt ṁírḃúilteaċ éisg. Leiġeas an loḃair, agus leiġeas an duine a ḃí gan lúṫ. Maitiú d’á ġlaoḋaċ.
1Agus do ṫárla, nuair a ḃí sluaġ ṁór ag brúṫ air go n-aireóċaidís briaṫar Dé, go raiḃ sé féin ’n-a ṡeasaṁ ar bruaċ loċa Genésareit. 2Agus do ċonaic sé ḋá luing ’n-a stad ag imeall an loċa; mar ḃí na h-iasgairí tagaiṫe i dtír agus iad ag niġe a líonta. 3Agus ċuaiḋ sé ar bórd luinge acu, long Ṡímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amaċ ó’n dtír. Agus do ṡuiḋ sé agus ṫeagaisg sé na daoine ó ’n luing. 4Nuair a stad sé de’n ċaint duḃairt sé le Símón: Gluais amaċ fé’n bpoll agus cuiriḋ amaċ ḃúr líonta ċun éisg a tógaint. 5Agus d’ḟreagair Símón agus duḃairt: A Ṁáiġistir, tá an oiḋċe caiṫte againn ag obair, agus níor ṫógamair aon níḋ; aċ ó deirir-se é sgaoilfad amaċ an líon. 6Ḋeineadar san, agus do ġaḃdar cruinniú mór iasg, i dtreó go raiḃ an líon d’á ḃriseaḋ orṫa. 7Agus do ḃagradar ar a gcáirde a ḃí sa luing eile teaċt agus congnaṁ a ṫaḃairt dóiḃ. Agus do ṫánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go raḃadar náċ mór ag dul fé uisge. 8Nuair a ċonaic Símón Peadar an níḋ sin do ċaiṫ sé é féin ag glúiniḃ Íosa, agus duḃairt: Imṫiġ uaim, a Ṫiġearna, mar is duine peacaṁail mé. 9Óir do ṫáinig uaṫḃás air féin agus ar a raiḃ i n’ ḟoċair, mar ġeall ar an ngaḃáil iasg a ḃí tógṫa acu; 10Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a ḃí i bpáirtiḋeaċt le Símón. Agus duḃairt Íosa le Símón: Na bíoḋ eagal ort. Is ag gaḃáil daoine a ḃeiḋ tú feasda. 11Agus ċuireadar a loingeas ar tír, agus d’ḟágadar gaċ níḋ ’n-a ndiaiḋ, agus do leanadar eisean.
12Agus ḃí sé i gceann de sna caṫraċaiḃ, agus féaċ, ṫáinig duine a ḃí lán de loḃra, agus nuair a ċonaic sé Íosa do ċaiṫ sé é féin ar a ḃéal a’s ar a aġaiḋ, agus ġuiḋ sé é, agus duḃairt: A Ṫiġearna má’s toil leat é is féidir duit mé ġlanaḋ. 13Agus do ṡin sé a láṁ agus ċuir sé air í, agus duḃairt: Is toil; glantar ṫú. Agus d’imṫiġ an loḃra ḋe láiṫreaċ. 14Agus duḃairt sé leis gan é ḋ’innsint d’aoinne; aċ, Imṫiġ agus taisbeáin ṫú féin do’n tsagart, #Leḃit. 14:4.agus taḃair an ofráil as do ġlanaḋ, fé mar a d’órduiġ; Maois, mar ḟiaḋnuise ḋóiḃsin.
15Aċ sin mar ba ṁó do leat an ċaint ’n-a ṫaoḃ, agus do ḃailiġ na sluaiġte móra ċun go n-éistfidís leis, agus ċun go leiġisfí iad ó n-a ngalaraiḃ. 16Agus d’imṫiġeaḋ sé féin isteaċ sa n-uaigneas ag guiḋe.
17Agus do ṫárla, lá, go raiḃ sé ’n-a ṡuiḋe ag teagasg. Agus ḃí na Fairisíniġ ’n-a suiḋe ann, agus doċtúirí na dliġe, a ḃí tagaiṫe ó gaċ baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus ḃí cóṁaċt ó’n dTiġearna ag dul ċun a slánuiġṫe. 18Agus féaċ, daoine agus fear acu d’á iompar ar ṫoċt, agus é gan lúṫ, agus ḃíodar a d’iarraiḋ é ḃreiṫ isteaċ agus é ċur ’n-a láṫair; 19Agus do ṫeip orṫa aon tslíġ ḟaġáil ċun é ḃreiṫ isteaċ, mar ġeall ar an mbrúṫ daoine, agus ċuadar anáirde ar an dtiġ agus do leigeadar síos tríd an slínn é féin agus an toċt, i ḃfiaḋnuise Íosa. 20Agus nuair a ċonaic sé an creideaṁ a ḃí acu, duḃairt sé: A ḋuine, maiṫtear do ṗeacaí ḋuit. 21Agus do ċrom na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ar ṁaċtnaṁ, agus ar a ráḋ: Cad é mar ḋuine é seo a laḃrann diaṁasla? Cé ḟéadann peacaí do ṁaiṫeaṁ aċ Dia aṁáin? 22Aċ ó ḃí fios a smuínte ag Íosa d’ḟreagair sé iad agus duḃairt: Cad ċuige an maċtnaṁ so i nḃúr gcroiḋe agaiḃ? 23Cé’cu is usa a ráḋ, Maiṫtear do ṗeacaí ḋuit, nó a ráḋ, Eiriġ ad’ ṡeasaṁ agus siuḃluiġ? 24Aċ ionus go mbeaḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ag Mac an Duine ar an dtalaṁ so cóṁaċt ċun peacaí do ṁaiṫeaṁ (duḃairt sé leis an ḃfear a ḃí gan lúṫ), Eiriġ, adeirim leat, agus tóg suas do ṫoċt, agus imṫiġ ċun do ṫiġe féin. 25Agus d’eiriġ an duine láiṫreaċ bonn, agus ṫóg sé an toċt ar a raiḃ sé ’n-a luiġe, agus d’imṫiġ sé ċun a ṫiġe féin agus é ag molaḋ Dé. 26Agus ṫáinig uaṫḃás ar na daoine go léir, agus ḃíodar ag taḃairt glóire do Ḋia; agus ḃíodar lán d’eagla agus deiridís: Ċonacamair neiṫe iongantaċa indiu.
27Agus tar éis an méid sin d’imṫiġ sé amaċ, agus ċonaic sé puibliocánaċ dár ḃ’ ainim Leḃí ’n-a ṡuiḋe ag bórd an ċusduim agus duḃairt sé leis: Lean-sa mise. 28Agus d’ḟag seisean gaċ níḋ ’n-a ḋiaiḋ, agus d’eiriġ sé agus do lean sé é.
29Agus do ḋein Leḃí féasta mór dó ’n-a ṫiġ, agus ḃí cuideaċta ṁór ann de ṗuibliocánaiġ agus de ḋaoine eile a ḃí ’n-a suiḋe ċun bíḋ ’n-a ḃfoċair. 30Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a ḋeisgiobuil-sin: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuíḃreann puibliocánaċ agus peacaċ? 31Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leó: Ní h-ag luċt sláinte atá gáḋ le liaiġ, aċ ag daoine breóite. 32Ní ċun fíoraon do ġlaoḋaċ ċun aiṫriġe a ṫánag, aċ ċun peacaċ do ġlaoḋaċ ċun aiṫriġe.
33Aċ duḃradar-san: Cad ’n-a ṫaoḃ go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanaṁ trosgaiḋ agus úrnuiġṫe go minic, agus deisgiobuil na ḃFairisíneaċ mar an gcéadna, agus go mbíd do ḋeisgiobuil-se ag iṫe agus ag ól? 34Agus duḃairt sé leó: An féidir daoiḃ teaġlaċ an ċéile do ċur ag déanaṁ trosgaiḋ agus an ċéile ’n-a ḃfoċair? 35Aċ tiocfaiḋ na laeṫanta nuair a béarfar uaṫa an céile, ansan déanfaid siad trosgaḋ ins na laeṫantaiḃ sin. 36Agus duḃairt sé leó i soluíd: Ní ċuireann aoinne preabán, gearrṫa de ḃall éadaiġ a ḃeaḋ nua, mar ḋeisiú ar ṡeana-ḃall éadaiġ, mar do loitfeaḋ sé an t-éadaċ nua, agus an preabán a baineaḋ de’n éadaċ nua ní oirfeaḋ sé do’n tsean-éadaċ. 37Agus ní ċuireann aoinne fíon nua i sean-árṫaíḃ leaṫair, mar brisfiḋ an fíon nua an seana-leaṫar, agus doirtfar an fíon agus caillfar an t-árṫaċ leaṫair. 38Aċ ní foláir an fíon nua do ċur i n-árṫaíḃ nua i dtreó go gcoimeádfar iad araon. 39Agus aoinne a ḃíonn ag ól sean-ḟíona ní ṫaiṫnfiḋ an fíon nua láiṫreaċ leis, óir deir sé, Is fearr an sean-ḟíon.
اکنون انتخاب شده:
Lúcás 5: ABNPOLG
هایلایت
به اشتراک گذاشتن
مقایسه
کپی
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
historic text maintained by the Bible Society.