YouVersion Logo
Search Icon

Títus 2

2
1Ach bí tusa agus briathra an teagaisc fholláin á rá agat. 2Abair leis na seanfhir bheith srianta, staidéartha, ciallmhar, ceartchreidmheach, grámhar, buanseasmhach. 3Abair mar an gcéanna leis na seanmhná bheith dea-bhéasach ina ndóigheanna, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól; ach ag tabhairt dea-theagaisc uathu, 4agus iad ag múineadh do na hógmhná grá a thabhairt dá gcéilí fir agus dá gclann, 5agus bheith modhúil, geanmnaíoch, ina ndea-mhná tí, caomhúil, umhal dá gcéilí fir, ar eagla míchlú a tharraingt ar bhriathar Dé. 6Iarr ar na fir óga mar an gcéanna srian a chur leo féin. 7Agus bí féin i do dhea-shampla le dea-ghníomhartha, agus bíodh do theagasc ionraic, íonghlan, 8agus do bhriathra chomh fírinneach nach bhféadtar locht a fháil orthii, chun go gcuirfí tost ar a gcuireann inár n-éadan ó nach bhfiúl leithscéal aige le bheith dár lochtú. 9Abair leis na daoir bheith ag umhlú dá máistrí agus á sásamh ar gach dóigh; gan bheith aisfhreag-rach, 10ná bradach, ach go dílis dáiríre, ar nós a chuirfeadh maise ar theagasc Dé ár Slánaitheoir.
11Óir nochtadh grásta Dé chun an saol uile a chur ar shlí a shlánaithe, 12ag múineadh dúinn diúltú don éagráif-eacht agus do na hainmhianta saolta, agus beatha shrianta, fhíréanta, dhiaganta a chaitheamh ar an saol seo, 13ag fuireach le dóchas beannaithe, nochtadh glóire ár nDé mhóir agus ár Slánaitheora Íosa Críost, 14a thug é féin ar ár son lenár bhfuascailt ón uile éagóir agus le pobal dá chuid féin a íonghlanadh le bheith aige a mbeidh faobhar orthu chun dea-ghníomhartha.
15Bíodh lánúdarás agat le seo a fhoilsiú agus le daoine a spreagadh chuige agus é a chiir ina luí orthu. Ná lig do dhuine ar bith a bheag a dhéanamh díot.

Currently Selected:

Títus 2: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in