Títus 1
1
1Pól, atá ina sheirbhíseach ag Dia agus ina aspal ag Íosa Críost, le creideamh lucht tofa Dé a mhéadú, agus le tuilleadh eolais a thabhairt dóibh ar an bhfírinne dhiaga, 2agus ar dhóchas na beatha síoraí a gheall Dia, nár thug éitheach riamh. leis na cianta dʼaois 3agus a nocht sé go ham agus go huair ina bhriathar tríd an tseanmóireacht a taobhaíodh liom mar a dʼaithin Dia ár Slánaitheoir é;
4Ag beannú do Thítus, mo mhac dlisteanach comhchreidimh:
Grásta agus síocháin agat ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár Slánaitheoir.
5Is é an fáth ar fhág mé i mo dhiaidh sa Chréit thú, ionas go gcuirfeá bail ar a raibh in easnamh, agus go gceapfá cruifreacha i ngach cathair de réir na gcoinníollacha a dʼinis mé duit, 6má tá fear ann atá saor ó locht, gan ach aon bhanchéile amháin a bheith aige, agus a mbíonn a chlann ina gcreidmhigh gan é bheith le rá go bhfuil siad drabhlásach ná ainrialta. 7Mar caithfidh easpag a bheith saor ó locht ós maor ag Dia é; gan a bheith tiamúil ná drochchorraitheach ná ina phótaire fíona ná ina throdaí ná santach, 8ach é ina dhea-dhuine forbhfáilteach a mbíonn grá don tsuáilce aige, agus smacht aige air féin, duine ionraic, naofa, srianta; 9a bhfuil greim maith aige ar an mbriathar fírinneach mar a theagasctar é, ar chaoi go bhféadfadh sé teagasc folláin a thabhairt uaidh agus tost a chur ar a gcuireann ina éadan. 10Mar is iomaí duine ainsrianta, baothbhriathrach ag cur cluana ar intinn daoine, go háirithe aicme an timpeallghearrtha; 11caithfear tost a chur orthu, mar tá siad ag cur teaghlaigh iomlána bunoscionn ag teagasc dóibh nithe nár choir le hairgead lochtach a thuilleamh. 12Is duine díobh féin agus fáidh dá gcuid fáithe a dúirt é, “Spalpairí bréige iad na Créitigh, ainbheithígh allta, marógaí falsa.” 13Is fírinneach an fhianaise seo. Dá bhrí sin de bí á chasadh go géar leo, go mbí siad folláin sa chreideamh, 14in ionad aird a bheith acu ar fhinscéalta bréagacha Giúdacha agus ar aitheanta ó fhir a bhíos ag séanadh na fírinne. 15Is glan gach ní do lucht na glaine, ach ní glan aon ní do lucht na truaillíochta agus an díchreidimh; mar bíonn a n-intinn agus a gcoinsias féin á dtruailliú. 16Bíonn siad ag maíomh as eolas Dé a bheith acu, ach séanann siad lena ngníomhartha é; ó bíonn siad déistineach, doshrianta, gan aon déantas maitheasa iontu.
Currently Selected:
Títus 1: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland