Títus 3
3
1Cuir i gcuimhne dóibh géilleadh do lucht ceamiais agus údaráis, smacht a bheith orthu, iad a bheith réidh le hobair ionraic a dhéanamh, 2gan míchlú ná troid a chur ar aon duine, ach a bheith modhúil béasach le gach duine. 3Mar bhí an t-am ann a rabhamar féin amaideach, easumhal, seachránach, ar théad ag ainmhianta agus pléisiúir, ag caitheamh ár saoil go mailíseach éadmhar, agus fuath againn do chách agus fuath agcách dúinn; 4ach san am ar nochtadh dea-chroí agus daonnacht Dé ár Slánaitheoir, 5ba é a rinne ár saoradh ní as siocair na ngníomhartha fíréantachta a bhí déanta againn féin, ach de bhrí a chuid trócaire féin, le hionladh na hathghiniúna agus le hathnuachan an Spioraid Naoimh, 6a dhoirt sé go fial orainn trí Íosa Críost ár Slánaitheoir, 7ionas go bhfíréanódh a ghrásta sinn agus go ndéanfaí oidhrí dínn a bhfuil dóchas againn leis an mbeatha shíoraí. 8Is iontaofa an ráiteas é. Is mian liom tú a sheasamh ar na pointí sin, go gcaithfidh an dream a bhfuil creidte acu i nDia aire a bheith acu faoi dhul i gcionn na ndea-oibreacha; rud a bhfuil maith agus tairbhe ann do dhaoine. 9Ach ná bain le díospóir-eachtaí amaideacha agus le craobhacha ginealaigh agus clampar agus cathanna i dtaobh an dlí, ó nach mbíonn tairbhe ná toradh ag teacht astu. 10Maidir le fear atá clamprach, iarr comhairle a chur air uair nó dhó, agus ná bíodh aon bhaint agat leis as sin amach, 11ós feasach duit go mbíonn a mhacasamhail sin claon agus coirpeach; tugann a bhéal féin breith a dhaortha air.
12Nuair a chuirim fios ort le hArtemas nó le Ticicus, déan do dhícheall le teacht in airicis orm i Nicopolis, ó tá rún agam an geimhreadh a chaitheamh ansin. 13Déan do dhícheall leis an mbealach a réiteach roimh Shenas an dlíodóir agus Apollós nuair a imeos siad; agus tabhair aire dó nach mbíonn easpa ar bith orthu. 14Agus fogh-laimíodh an dream is againne conas a rachaidh siad i gcionn na ndea-oibreacha, ag fóirithint ar na riachtanais is práinní, agus gan a bheith ag saothrú in aisce gan toradh.
15Tá a bhfuil anseo agam ag beannú duit. Beannaigh dár gcairde sa chreideamh.
Grásta Dé agaibh uile go léir.
Currently Selected:
Títus 3: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland