YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 1

1
1Mise Pól, seirbhíseach Íosa Críost, duine a bhfuil gairm aspail aige, agus a toghadh dʼaonghnó chun soiscéal Dé a chraobhscaoileadh, 2an soiscéal úd a bhí geallta roimh ré aige trí bhéal na bhfáithe i mBíobla Dé, 3an soiscéal úd a insíonn faoina Mhac, ba shliocht do Dháibhí de réir na folaíochta, 4an Mac sin ar léiríodh gurbh é Mac Dé é i gcumhachtaí de réir Spiorad na naofachta de bharr a aiséirí ó mhairbh, Íosa Críost ár dTiarna, 5ar trídsean a bronnadh grásta agus aspaltacht orainn le daoine a thabhairt chun géilleadh don chreideamh mar mhaithe lena ainmsean i mease na náisiún uile go léir, 6ar díobh sibhse a fuair an ghairm le bheith le hÍosa Críost;
7Daoibhse uile atá sa Róimh a bhfuil grá ag Dia daoibh, agus a fuair gairm le bheith in bhur naoimh; grásta daoibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiama Íosa Críost.
8Tugaim tús áite do mo bhuíochas do Dhia trí Íosa Críost ar son an iomláin agaibh, mar tá bhur gcreideamh i mbéal an domhain uile. 9A fhianaise sin ar Dhia, an Dia sin a mbíonn mo sprid ag saothrú shoiscéal a Mhic, gan stad orm ach bhur gcur faoi bhrí mo ghuí, 10agus mé ag iarraidh dʼimpí ar Dhia go dtoileoidh sé ligean dom teacht chugaibhse sa deireadh. 11Mar bím ag tnúth le hamharc a fháil oraibh, ionas go mbronna mé brontannas éigin spioradálta oraibh le bhur neartú, 12is é sin le rá, go dtógaimid croíthe a chéile leis an gcreideamh atá againn, bhur gcreideamh maraon le mo chreideamh féin. 13Mar táim ag insint daoibh le fonn, a bhráithre, gur minic a chuir mé romham cuairt a thabhairt oraibh (ach gurbh éigean dom a chur ar cairde go dtí seo), ionas go mbeidh fómhar á bhaint agam eadraibh mar baineadh idir an chuid eile de na Gintlithe. 14Táim faoi oibleagáid ag Gréagaigh agus ag neamh-Ghréagaigh, ag saoithe agus daoithe; 15agus mar sin de tá fonn mór orm an soiscéal a sheanmóireacht daoibhse fós, atá in bhur gcónaí sa Róimh.
16Mar ní fheictear dom gur ábhar náire dom an soiscéal: don uile dhuine a mbíonn creideamh aige, an Giúdach ar dtús agus an Gréagach maraon leis, is é cumhacht Dé chun sláinte é. 17Mar is ann a fhoilsítear fíréantacht Dé tríd an gcreideamh don chreideamh; mar atá scríofa, “An té a bhíonn ina fhíréan tríd an gcreideamh mairfidh sé beo.”
18Mar nochtar dian-íhearg Dé ó neamh in éadan gach aindiagacht agus coirpeacht na ndaoine sin a chuireas cosc ar an bhfírinne lena gcoirpeacht. 19Mar is léir dóibh an t-eolas is féidir a fháil ar Dhia, mar tá Dia i ndiaidh a nochtadh dóibh. 20Mar riamh anall ó chruthú na cruinne tá a nádúr dofheicthe, is é sin, a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht, go soiléir so-mhothaithe sna nithe a rinne sé. Agus fágann sin gan leithscéal iad; 21mar cé go raibh eolas ar Dhia acu níor thug siad onóir nó buíochas dó mar Dhia, ach bhí a n-intinn le baois agus a n-intleacht díchéillí lán de dhorchacht. 22Bhí meas acu orthu féin faoi bheith glic agus iad ina n-amadáin déanta, 23a thug glóir an Dé dho-mharaithe ar iomhánna ba chosúil leis an duine so-mharaithe, nó le héin nó le hainmhithe nó le péisteanna.
24Dá bhri sin lig Dia le hainmhianta a gcroíthe an mhi-gheanmnaiocht agus easonóir chorpartha a chleachtadh le chéile, 25de bhrí gur thug siad fírinne Dé ar bhréag agus gur adhair agus gur fhón siad na créatúir os cionn an Chruthaitheora, moladh go deo leis! Áiméan.
26Dá bhrí sin scaoil Dia le hainmhianta náireacha iad. Dʼathraigh a mná a gcaidreamh nádúrtha ina ní mí-nádúrtha, 27agus stad na fir fós ó dhul le mná agus thug antoil bhuile dá chéile, agus rinne fir gníomhartha mí-náireacha le fir agus fuair siad ina bpearsana féin an pionós sin a thuill a n-earráid.
28Agus ós rud é nár dheonaigh siad Dia a admháil, scaoil Dia iad chuig táire intinne agus mí-mhodhúlacht béas. 29Ba lán iad den uile shórt coirpeachta, dʼolc, de shaint, agus de mhailís. Lán dʼéad agus de dhúnmharú, dʼaighneas agus de mheang agus dʼurchóid, bíonn siad béadánach, 30cúlchainteach, fuath acu do Dhia, iad díom-asach, ardnósach, mórtasach, ina gcumadóirí oilc, easumhal do thuismitheoirí, 31amaideach, fealltach, cruachroíoch, míthrócaireach. 32Cé gur feasach dóibh go bhfuil achtaithe ag Dia go dtuilleann an dream a dhéanas amhlaidh bás, ní leor leo a ndéanamh, ach bíonn meas acu ar an dream a dhéanas amhlaidh.

Currently Selected:

Rómhánaigh 1: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in