Dá bhrí sin scaoil Dia le hainmhianta náireacha iad. Dʼathraigh a mná a gcaidreamh nádúrtha ina ní mí-nádúrtha, agus stad na fir fós ó dhul le mná agus thug antoil bhuile dá chéile, agus rinne fir gníomhartha mí-náireacha le fir agus fuair siad ina bpearsana féin an pionós sin a thuill a n-earráid.
Agus ós rud é nár dheonaigh siad Dia a admháil, scaoil Dia iad chuig táire intinne agus mí-mhodhúlacht béas.