YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 28

28
1Nuair a thángamar i dtír ansin, chualamar gur Málta an t-ainm a bhi ar an oileán. 2Agus bhí muintir an oileáin ríchineálta linn, mar dʼfhadaigh siad tine agus dʼfhear siad fáilte romhainn uile go léir, mar bhí sé ag tosú ar chur báistí, agus bhí bearradh fuar air. 3Bhi Pól tar éis cual connaidh a chruinniú agus a chaitheamh ar an tine, nuair a tháinig nathair nimhe amach ag teitheadh ó theas na tine a fuair greim leathláimhe air. 4Nuair a chonaic na hoileánaigh an phéist ar crochadh ar a láimhsean, dúirt siad lena chéile, “Dúnmharfóir atá sa duine seo gan amhras ar bith, nár lig bandia an chirt dó maireachtáil, siúd is gur tháinig sé as an bhfarraige lena bheo.” 5Ach chroith sé an phéist uaidh isteach sa tine gan dochar ar bith a theacht air. 6Bhí siadsan ag fanacht, agus súil acu go mbeadh sé ag at, nó go dtitfeadh sé maol marbh; ach nuair a dʼfhan siad ar feadh i bhfad gan aon chaill a fheiceáil air, dʼathraigh siad a n‑intinn, agus dúirt siad go mba dhia é.
7Anois bhí tailte ag Publius, an fear ab airde céim ar an oileán, sa chomharsanacht sin, agus chuir seisean fáilte fhíorchaoin romhainn agus thug sé dídean dúinn go fial flaithiúil seal trí lá. 8Tharla dʼathair Phublius bheith ina luí tinn, agus fiabhras agus dinnireacht air; agus thug Pól cuairt air agus rinne sé guí, agus leag sé a lámha air gur leigheas sé é. 9Nuair a tharla sin, tháinig an chuid eile de mhuintir an oileáin a raibh breoiteachtaí orthu agus leigheasadh iad. 10Thug siad mórán bronntanas dúinn (mar dʼonóraigh siad le mórán onóracha sinn) agus nuair a chuamar ar fharraige, chuir siad gach rud a mbeadh riachtanas againn leis ar bhord na loinge.
11Ráithe ina dhiaidh sin sheolamar linn i long a chuir an geimhreadh thairsti san oileán, soitheach de chuid Alecsandria a raibh an Cúpla páirteach mar dhealbh thosaigh aige. 12Thángamar i gcaladh i Siracús, gur fhan trí lá ansin. 13Chuamar thart faoin gcósta gur shroicheamar Regium, agus tar éis aon lae amháin dʼéirigh gaoth aneas, agus an dara lá thángamar go Putíolí. 14Fuaireamar bráithre ansin, a thug cuireadh dúinn fanacht seacht lá acu. As sin thángamar chun na Róimhe. 15Agus nuair a chuala na bráithre a bhí ansin iomrá orainn, tháinig siad inár n‑airicis chomh fada le Forum Appius agus na Trí Theach Tábhairne. Nuair a chonaic sé chuige iad, thug Pól buíochas do Dhia agus bhain sé méadú misnigh as. 16Agus nuair a thángamar isteach sa Róimh, ceadaíodh do Phól fanacht ina aonar, leis an saighdiúir a bhí á choimeád.
17Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé lucht ceannais Ghiúdaigh na háite le chéile; agus nuair a bhí siad cruinn, dúirt sé leo, “A bhráithre, siúd is nach raibh aon ní déanta agam in éadan ár gcine ná nósanna ár sinsear, tugadh mé i mo phríosúnach ó Iarúsailéim i lámha na Rómhánach. 18Nuair a bhí scrúdú déanta acusan orm, bhí fonn orthu mé a scaoileadh saor ó nach raibh aon bhreith bháis á cur i gcás domsa. 19Ach nuair a chuir na Giúdaigh ina éadan sin, bʼéigean dom achomharc a chur chuig Caesar—cé nach raibh aon chúis agam le lua in éadan mo chine féin. 20Is dá bhri sin a dʼiarr mé cead sibh a fheiceáil agus labhairt libh, ós mar mhaithe le dóchas Iosrael atá mé ceangailte leis an ngeimheal seo.” 21Agus ar siadsan leis, “Ní bhfuaireamar aon litir ó Iúdaea i do thaobh, agus níor thug aon bhráthair dár tháinig anoir anseo aon tuairisc ná níor labhair siad aon drochfhocal fút. 22Ach ba mhaith linn tú a nochtadh do thuairimí dúinn; mar is feasach dúinn i dtaobh na seicte seo go mbítear á cáineadh san uile áit.”
23Dʼainmnigh siad lá dó ansin, agus tháinig cuid mhór acu chuige ina lóistín. Agus mhínigh sé an gnó dóibh ó mhaidin go tráthnóna, ag tabhairt fianaise faoi ríocht Dé, agus ag iarraidh an fhírinne faoi Íosa a chur ina luí orthu as dlí Mhaois agus as leabhair na bhfáithe. 24Agus bhí cuid acu a chreid dá bhriathra, agus cuid nár chreid. 25Ó nár fhéad siad teacht ar aon intinn, dʼimigh siad leo, ach go ndúirt Pól ráiteas amháin leo an chéad uair: “Nár cheart é a dúirt an Spiorad Naomh le bhur sinsir trí bhéal Ísáia fáidh:
26‘Gabh chuig an gcine seo agus abair leo,
Cluinfidh bhur gcluasa ach ní bheidh tuiscint ag bhur gcroíthe,
agus féachfaidh bhur súile ach ní fheicfidh siad.
27Mar tá croí an chine seo éirithe ramhar,
agus dʼfhás a gcluasasan bodhar,
agus tá a súile druidte acu;
le leisce atá orthu súile le feiceáil a bheith acu,
ná cluasa le héisteacht a bheith orthu,
ná croí tuisceanach a bheith acu,
go dtí go dtiontóidís aniar go leigheasfainn iad.’
28Deirim le fios daoibh ó tá sin mar sin gur chuig na Gintlithe a cuireadh teachtaireacht an tslánaithe sin ó Dhia, agus go n‑éistfidh siadsan leis.”#Cuireann seanúdaráis eile véarsa a 29 mar aguisín, agus nuair a bhí na briathra seo ráite aige, dʼimigh na Giúdaigh leo, agus iad ag díospóireacht go teasaí eatarthu féin.
30Agus mhair sé ansin dhá bhliain dhruidte ar a chostais féin, #ina theach féin a bhí aige ar chíos. agus é ag cur fáilte roimh ar tháinig chuige, 31ag fógairt riocht Dé agus ag teagasc i dtaobh an Tiarna Íosa Críost os comhair an tsaoil gan aon bhac air.

Currently Selected:

Gníomhartha 28: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in